Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 9, 2019

Chuir an Tríonóid Mic Léinn in Umar na hAimiléise mar gheall ar na Deontaisí SUSI

Níor thaispéan an Chlárlann Acadúil morán trócaire agus iad ag tabhairt faoi táillí SUSI a fháil ar ais.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Mí Eanáir seo chaite, nuair a bhris an scéal faoin meascán mearaí a chosnaigh an Coláiste €1.7 milliún i dtaillí neamhíocaithe idir SUSI agus Clárlann Acadúil na Tríonóide, ní mó ná sásta a bhí éinne leis an gClárlann Acadúil.

Ag an am sin, ba mhillteanach an rud é nár thóg an t-aonad Coláiste a bhí a gceannas ar thaillí aon aird d’easnamh a bhí ós cionn na céadta mílte in aghaidh na bliana.

Anois, míonna ina dhiaidh sin, níl aon athrú tagtha ar an scéal. Ní dúradh faic faoin earráid a bhí de locht as an t-easnamh agus ní cuireadh aon bhearta i bhfeidhm le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís.

ADVERTISEMENT

In ainneoin sin, is léir go bhfuil an Chlárlann Acadúil ag iarraidh dul i ngleic go huaillmhianach lena botún, agus an tseachtain seo, thuairiscigh – The University Times gur bhailigh an Coláiste os cionn 70 faoin gcéad don mhéid a bhí dlite ag mic léinn sna naoi mí ó tháinig an earráid chun solais.

Cé go raibh an Chlárlann Acadúil dáiríre faoin a misean téarnaimh, ní raibh morán trócaire le feiscint sa tslí inar aimsíodh na taillí ar ais. Cuireadh a lán daltaí in umar na haimiléise.

Gan dabht, caithfidh an Coláiste aire a thabhairt dá chursaí airgeadais féin agus ní bheidís in ann €1.7 miliún a dhíscríobh. Ach is léir gur fhág an bealach inar bhailíodh an t-airgead a lán mic léinn ag brath go raibh an Coláiste ag bagairt orthu.

Cheap go leor daltaí go raibh a dtáillí á íoc ag SUSI ach bhí siad fágtha le bille mór gan choinne agus ní raibh an dara rogha acu ach é a íoc chun cinntiú go mbeidís in ann fanacht sa Choláiste.

Tá sé deacair a rá gurb’é an cinneadh ceart a bhí i gceist le dul sa tóir ar na mic léinn a bhí bainteach. Ach is mór an trua é gur thuairsicigh na mic léinn sin go raibh an Chlárlann Acadúil drochmheasúil agus gur rinneadh sraith bagairtí orthu. Mhothaigh siad nach raibh aon rogha acu fiú nach raibh an locht orthu ar chor ar bith.

Is léir gur ghlac an Coláiste le polasaí neamhghéilliúil agus iad ag tabhairt faoi na táillí SUSI a fháil ar ais, gan aon admháil a dhéanamh dá ról fhéin i gcursaí agus sraith do phleananna aisiocaíochta a chur ar bun do dhaltaí chun go mbeidís in ann fiacha a íoc nach raibh cliú faoin spéir acu faoi roimhis.

Is beag an t-iontas go bhfuil na mic léinn atá bainteach buartha.