Dear Fresher Me Étáin Sweeney Keogh

FORMER FRESHERS on their experiences of their very first week of college and the transition to the rest of their lives.

Malachi Ó MarcaighEAGARTHÓIR NA GAEILGE
blank
Ivan Rakhmanin for The University Times

Baineadh geit asam nuair a d’fhoghlaim mé go raibh tús éiginnte ag Étáin Sweeney Keogh i gColáiste na Tríonóide – agus í anois ag cur tús lena bliain dheireanach dá cúrsa sa dlí agus an pholaitíocht, is bunchloch de chuid Ógra Shinn Féin i gColáiste na Tríonóide anois í: “Chun na fírinne a rá, níor bhain mé taitneamh as an gcúrsa ar dtús. Bhí mé an-phaiseanta faoin bpolaitíocht ach mhothaigh mé go raibh stíl na múinteoireachta anseo beagan sriantach agus níor spreag na modúil sa chúrsa mé ach oiread.”

Is beag an t-iontas gur bhraith sí go raibh an stíl múinteoireachta sriantach, tá taithí chuimsitheach aici sa pholaitíocht cheana, toghadh í mar reachtaire agus, níos déanaí, mar Chathaoirleach ar Ógra Shinn Féin sa Choláiste. Níos luaithe i mbliana, thug Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) aitheantas dá cuid oibre ina fheachtas Mná i gCeannas 2019.

Ba chinneadh simplí a bhí ann d’Étáin Coláiste na Tríonóide a roghnú. Ní hamháin go raibh an caighdeán acadúil mealltach di ach d’aithin sí go raibh seans aici a cuid ceoil a fhorbairt dá mbogadh sí ó Chontae Liatroma go Baile Átha Cliath. “Bhí a fhios agam go mbeadh níos mó deiseanna domsa mar cheoltóir sa chathair. Rinne mé iarracht taisteal chun seinm ann agus mise i mo chónaí i Liatroim ach tá sé deacair dul chun cinn muna bhfuil tú i do chónaí níos cóngraí na cathrach.”

ADVERTISEMENT

Is duine cuideachtúil cairdiúil í Étáin agus leis sin bhí an t-athrú ó Chontae Liatroma go dtí an ardchathair i bhfad níos furasta: “B’athrú mór é ach, ag an am céanna bhí athrú ag teastáil uaim. Is féidir leat mothú beagán aonrach i Liatroim. Uaireanta, tá sé suaimhneach ach, uaireanta eile cuireann an ciúnas isteach ort.”

Is leasc liom Étáin a chreidiúint nuair a deir sí go raibh sé dushlánach di cairde nua a dhéanamh i rith sheachtain na bhfreisir. D’aimsigh sí comhluadar ón Scéim Chónaithe do mhuintir na céad bliaine a chuireann Roinn na Gaeilge den Choláiste ar fáil i Halla na Tríonóide. “Bhí muidne go léir inár gcónaí sa chathair don chéad uair agus bhíomar ag streachailt le chéile. Go dtí an lá seo, ba iad na cairde a rinne mé ar scéim mo chairde is fearr.”

Ba hiad na gnáthaimh laethúla a bhí ag Étáin a thug faoiseamh di. “Nuair a bhí mé ag iarraidh sos beag, chaith mé cúpla uair ag scríobh nó ag cumadh amhráin nó ag seinm – ag déanamh aon rud cruthaitheach. Uaireanta, thóg mé an DART go Dun Laoghaire chun siúl cois farraige agus chun léamh i café beag ann.”

Cuimhníonn sí ar a céad sheachtain i gColáiste na Tríonóide go sona: “Ba sheachtain dhochreidte é” a deir sí. “Bhí mé an-ghnóthach, ní cheapaim go bhfuair mé níos mó ná cúpla uair codlata gach oíche. Agus i rith an lae bhí mé ag lorg bia saor in aisce ar champas, ag freastail ar gach aon imeacht a bhí ar siúl.”

Arís agus arís eile i rith ár gcomhrá léiríonn sí gur aimsigh sí pobal faoi leith i rith seachtain na bhfreisir nach raibh aici agus í i Liatroim. “Is cuimhin liom dul go Conradh don chéad uair agus bhí mé ag smaoineamh gurb é sin an oíche is fearr de mo shaol.”

Ina céad sheachtain na bhfreisir, rinne sí an mheancóg choiteann a dhéanann beagnach gach mac léinn ina chéad bhliain sa Tríonóide: “Ba bhall mé de bheagnach daichead cumann agus clubanna sa chéad bhliain. Ach tar éis cúpla seachtain, d’éirigh sé níos deacra bheith páirteach de gach cumann”. Bhí tost beag eadrainn, go dtí gur chuir sí leis an méid a dúirt sí le magadh beag “d’éirigh sé níos deacra dul go gach léacht freisin!”

Tugann an ollscoil deis do mhic léinn a fairsingiú a dhéanamh ar a bpearsantacht, ó spórt, go cumainn, go dtí tuairimí polaitiúla sna páirtithe ar champas. Tá éagsúlacht faoi leith ag baint le hÉtáin toisc go raibh sí mar bhall de Shinn Féin cheana féin sular tháinig sí go Coláiste na Tríonóide. “Ar dtús nuair a thosaigh mé anseo ní raibh Ógra Shinn Féin i gColáiste na Tríonóide an-ghníomhach agus ní raibh a fhios agam conas a bheith páirteach den pháirtí ar champas. Ag deireadh na bliana chuaigh mé go dtí an cruinniú cinn bliana le cara amháin a rinne mé ag comórtas díospóireachta. Toghadh mé mar reachtaire. Bhí siad chomh fáiltiúil domsa agus bhí mé lánsásta bheith páirteach de chumann a bhí mé paiseanta faoi. Ansin, toghadh mé mar chathaoirleach agus bhí mé tiomanta chun an Ógra san ollscoil seo a neartú.”

Tugann Étáin freagra foighneach agus macánta dom nuair a chuirim an cheist uirthi faoin bhfáth ar roghnaigh sí Sinn Féin seachas aon pháirtí eile ón eite chlé – amhail is go gcuirtear an cheist seo uirthi go minic. “Bhuel, aontaím le polasaithe Shinn Féin níos mó ná aon pháirtí eile. Ceapaim go bhfuil muidne níos eagraithe ná aon pháirtí sóisialach eile. Creidim go bhfuil tuiscint, comhbhá agus comhoibriú ag teastáil uainn chun dul chun cinn agus ceapaim go bhfuil ról lárnach ag na luachanna seo inár bpolasaí.”

Agus deireadh ag teacht lenár gcomhrá, cuirim ceist ar Étáin ar an gcomhairle a bheadh aici do lucht na bhfreisir i mbliana. Tá freagra ciallmhar – más gairid – aici: “Déan botúin – ná bí eaglach faoi seo – agus bain taitneamh as gach rud mar beidh tú i do bhliain dheireanach níos luaithe ná a cheapann tú.”