Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 30, 2019

Gealltanais le Comhlíonadh ag Réimeas Nua DUCAC

Tá rothaí na n-athruithe ag casadh i DUCAC. Ní mór don cheannasaíocht nua athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar oíche Déardaoin, vótáil clubanna spóirt na Tríonóide ar son athruithe ag Cruinniú Cinn Bliana do Chlub Luthcleasa an Choláiste (DUCAC) – toghagh mac léinn mar chathaoirleach na heagraíochta den chéad uair riamh agus ag fágadh slán le Donagh McDonagh, sealbhóir oifige a bhíodh mar chuid de na seanfhonduirí den Chlub.

Leis sin, vótáil siad ar son dul chun cinn.

Le blianta anuas, tháinig lucht cinniúna DUCAC ó ghrúpa beag de chlubanna láidre, a bhain leas rialta as a stádas mar imreoirí cinniúnacha le maoiniú agus fadhbanna eile.

ADVERTISEMENT

Ach anois, le cathaoirleach nua, Jemil Saidi, i gceannas, tá an cumas ag DUCAC athrú – chun núálú a dhéanamh ar a struchtúir vótála, chun a bheith níos oscailte faoina gnó agus chun córas buiséadú macánta a chur i bhfeidhm. Le Saidi i gceannas, múnlóidh an chéad trí bliana eile todhchaí na heagraíochta.

Caithfidh an coiste feidhmeannach nua beart a dhéanamh ar son a mbriathar. Cé go léiríonn toghadh Saidi athrú láidir, is beag tábhacht a bhaineann leis mura dtagann athrú suntasach leis.

I dtosach báire, ní mór do Saidi filleadh ar a mholadh a rinne sé i Mí Aibreáin seo caite, chun córas vótala do choiste feidhmeannach DUCAC a athrú. Is léir anois, in ainneoin seasmhacht roinnt daoine ina choinne, go dtugann córas vótála sciob sceab deis do chlubanna móra tionchar a imirt ar thoghcháin.

Is córas i bhfad níos córa é má tá an vótáil chéanna ag gach club agus ionadaithe i gceannas ar chinntí DUCAC á dtoghadh acu.

Ba chóir buiséad DUCAC agus miontuairiscí ó chruinnithe an choiste feidhmeannaigh a chur ar fáil don phobal. Téann cuid mhaith de táillí ceannsraithe na mac léinn go dtí an eagraíocht agus ba chóir go mbeidh fhios ag mic léinn cad go díreach atá ar siúl taobh thiar de dhoirse DUCAC.

Ba cheart do DUCAC athsmaoineamh a dhéanamh ar a chóras buiséadú. Is beag an t-iontas go mbíonn an chuid is mó den mhaoiniú ag na clubanna is mó, ach ní féidir le DUCAC dearmad a dhéanamh ar an gcúis a bhfuil sé ann: ar mhaithe le gach club, ní hamháin na clubanna leis an líon is mó ball.

Scaipfidh daoine ráflaí bréagacha agus cuirfidh siad i gcoinne. Ach tá gníomh ceannasach ag teastáil anois.

Tá rothaí na n-athruithe ag casadh i DUCAC, agus caithfidh baill leas a bhaint as an bhfuinneamh seo, nó d’fhéadfaimis DUCAC a fheiceáil ag filleadh ar a nósanna seanchaite, gan aon athruithe suntasacha.