Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 2, 2019

Rud Dearfach é an Comhrá faoi Mheabhairshláinte. Ach Tá Bóthar Fada Romhainn

Thaispeáin an suirbhé an tseachtain seo caite go bhfuil práinn ag baint leis an gcomhrá faoi mheabhairshláinte.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní chuirfeadh sé iontas ort, ach údar imní a bhí i gceist le torthaí an tsuirbhé ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) maidir le meabhairshláinte.

Nocht an staidéar, ina raibh 3,340 rannpháirtí, go raibh diagnóis fhoirmiúil ag beagnach tríú de mhic léinn Éireannach – figiúr uafásach pé scéal é.

Ag labhairt san Irish Times, mhol síciatraí Brendan Kelly a bheith aireach faoi thuairimí a dhéanamh bunaithe ar shampla chomh beag. Ach fiú má thógtar na figiúirí sin le gráinne salainn, is meabhrú é an taighde seo ar fhírinne shearbh a bhfuilimid beagnach tar éis glacadh leis: go bhfuil fadhbanna dáiríre meabhairshláinte ceantrach ar champais trasna na tíre.

ADVERTISEMENT

Bhí forbairtí dea-geallúnacha i leith na faidhbe seo. Léiríonn an chaoi ar chaith Aontas na Mac Léinn in Éirinn bliain iomlán ag cur an tsuirbhé seo le chéile go bhfuil nós dearfach ann. Is ábhar cainte é an meabhairshláinte ar bhealach nach bhféadfaí a shamhlú deich mbliain ó shin. Is iomaí an acmhainn atá curtha leis na seirbhísí meabhairshláinte ag coláistí ar fud na tíre dá mic léinn. Bhí an tAire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor i láthair ag seoladh na tuairisce – léiriú ar dáiríreacht an rialtais chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.

Ní féidir a shéanadh gur rud maith é an t-uileláithreacht a bhaineann leis an gcomhrá faoi mheabhairshláinte. Ar an lámh eile, áfach, cuireann torthaí an tsuirbhé in iúl go bhfuil bóthar fada os ár gcomhair.

Tá brú millteanach ar mhic léinn Éireannacha, ón ngéarchéim lóistín go dtí costais maireachtála róchostacha. Ní chothaíonn na coinníollacha seo an timpeallacht cheart le fadhbanna meabhairshláinte a réiteach.

Chomh maith leis sin, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta ar champais Éireannacha le déanaí, níl go leor acmhainní ag a lán seirbhísí meabhairshláinte, bíonn sé deacar do roinnt daoine teacht ar sheirbhísí cosúil leis an gcomhairleoireacht.

Briseadh an ciúnas a bhaineann le meabhairshláinte ar champais Éireannacha. Is ábhar dóchais é sin. Ach léiríonn an choitiantacht sheasta a bhaineann leis na fadhbanna seo i measc mic léinn go bhfuil deireadh an chatha i bhfad uainn.

Má táthar chun dul i ngleic le na huimhreacha scanraitheacha, ní féidir le hollscoileanna trasna na tíre a maidí a ligean le sruth, tá orthu tréaniarracht a dhéanamh sa troid i gcoinne fadhbanna meabhairshláinte.