Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 2, 2019

Taispeánann Corraíl an Pav Cé Chomh Nimhneach Is Atá Lóistín Soláisteach Faoi Láthair

Níl mic léinn sásta glacadh le comhphártaíocht idir eagraíochtaí an Chóláiste agus comhlachtaí ar nós LIV Student agus Aparto a thuilleadh.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí úafás ar morán daltaí i gColáiste na Tríonóide De Céadaoin nuair a chonaic siad ar Facebook go raibh an Pav tar éis imeachtaí a eagrú le hurraíocht ó soláthróirí lóistín i gcomhair mic léinn Liv Student agus Aparto i rith seachtain na bhfreisir.

Chuir People Before Profit na Tríonóide griangraf do chlár ama an Pav le haghaidh seachtain na bhfreisir ar líne, in éineacht le cáineadh maslach ar an mbeár. De réir an phóstaeir, bheadh na soláthróirí lóistín in ann seastán eolais a chur ar bun sa Pav i gcomhair cúig uair in aghaidh an lae.

Chúlaigh an Pav siar go gasta. D’imigh an clár ama a bhí acu le haghaidh seachtain na bhfreisir ó Twitter. D’inis cathaoirleach an Pav, Cyril Smith, go cantalach, don University Times i ríomhphost nach mbeadh aon soláthróirí lóistín príobháideacha ag déanamh urraíochta ar imeachtaí eagraithe ag an bPav. Bhí sé soiléir go raibh an teachtaireacht faighte ag an bPav: is nasc nimhneach é aon cheangal a bheadh acu le heagraíochtaí ar nós Liv Student agus Aparto.

ADVERTISEMENT

Samhradh dian a bhí ann do chomlachtaí lóistín príobháideacha i gcomhair mic léinn – spreagann ainmneacha ar nós Aparto agus Liv Student freagairt i measc daltaí anois níos mó ná riamh.

Tá an nimh seo atá i measc daltaí le haghaidh comhlachtaí lóistín príobháideacha i gcomhair mic léinn tar éis dul in olcas le cúpla mí anuas.

Seachtain amháin, d’fhógair an rialtas go raibh 6,691 leapacha do mhic léinn tar éis dul ar an margadh tithíochta ó 2016 – gan tagairt a dhéanamh don slí go gcosnaíonn 93 faoin gcéad do na leapacha sin ós cionn €840 in aghaidh na míosa agus go bhfuil 95 faoin gcéad dóibh faoi úinéireacht phríobháideach.

Seachtain eile, mhínigh an tAire um Ard-Oideachais Mary Mitchell O’Connor, in óráid ag Mainéir Rockford gur cóir do mhic léinn ata ag streachailt le táillí lóistín, a ndeontaisí SUSI a úsáid chun íoc astu.

An chéad rud eile ná go raibh an tAire Oideachais Joe McHugh ag moladh do thuismitheoirí gur ceart dóibh a leanaí a chur go coláistí réigiúnacha chun costaisí a laghdú – is léir go bhfuil se neamhréalaíoch, fiú don rialtas, go mbeadh duine in ann áit a fháil agus maireachtáil i mBaile Átha Cliath don bhliain.

Ta seans ann, dá mba an rud e gur tharla sé bliain ó shin, nach dtugadh aon duine aird ar bhotún an Pav, ach faoi láthair is comharthaí iad Aparto agus Liv Student d’eagothroime an mhargadh tithíochta – agus níl fonn mathúnais ar dhaltaí a thuilleadh. Níl an chuma air go mbeidh pioc fáilte roimh na comhlachtaí seo ar champus as seo amach.