Radius
Sep 18, 2019

Turasanna Treoraithe agus Ceol: na hImeachtaí Gaelacha agus Oíche Chultúir

Tá nasc láidir ag an gcultúr leis an nGaeilge – ná caill amach ar an deis í a cheiliuradh mar is ceart.

Aoife EnrightLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Dé hAoine seo, cuirfear réimse leathan d’imeachtaí saor in aisce ar siúil ar fud na tíre le haghaidh Oíche Chultúir 2019. Ceiliúradh atá i gceist – atá ar bun don 14ú uair i mbliana, d’oidhreacht, cultúr agus na healaíona. Tá dlúthcheangailt ag an gcultúr leis an nGaeilge agus mar is iondúil beidh go leor imeachtaí ar siúl trí mheán na Gaeilge atá dírithe ar sheanachas, stair agus ceol ársa na hÉireann. Oíche speisialta a bhíonn ann i gconaí agus deis atá ann comóradh a dhéanamh ar na daoine agus eagraíochtaí a chuireann béim ar chothú agus chur chun cinn cultúir na tíre.

Seans iontach a bheidh ann chomh maith tairbhe a bhaint as oidhreacht cultúrtha na hÉireann agus tá cinneadh deacair ós bhur gcomhair i mbliana imeacht nó dhó a roghnú ón gclár d’imeachtaí gaelacha iontacha atá ar siúl ar an oíche.

Turas d’Ard Oifig an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionnanas

Tá deis neamhghách ar fáil d’éinne a bhfuil suim acu i riar an chirt, le turas treoraithe trí mheán na gaeilge atá eagraithe ag an Roinn Dlí agus Cirt d’Ard Oifig na Rinne. Seans a bheidh ann foghlaim faoin Roinn agus beidh an turas dírithe ar stair an fhoirgnimh agus ailtireacht a bhaineann leis an suíomh stairiúil. Chomh maith leis sin beidh deis ann cuairt a thabhairt ar thaispeántas faoi chinsireacht foilsiúcháin.

ADVERTISEMENT

Beidh an turas ag tosnú ag 19in sa Roinn ag 52 Faiche Stiabhna agus caithfear ticéad a chur in áirithe roimh ré ar an suíomh greasáin d’Oíche Cultúir. Tá orthu siúd atá ag freastal ar an imeacht ticéid baillí agus cruthúnas d’aitheantas a thabhairt leo ar an oíche.

Áras Chrónáin Ionad Cultúir

Má tá oíche níos bríomhaire ag teastáil uait, tá an t-Ionad Cultúir Árás Chronáin ag tabhairt cuireadh do chách teacht chuig turas treoraithe dá gceannceathrú – teach mór Seoirseach ón 18ú céad. I ndiaidh an turas beidh ceachtanna rince Gaelach seit agus céilí, ceol traidisiúnta, amhráin agus cúpla focal. Oíche den scoth a bheidh ann agus deis iontach é tú fhéin a thumadh go hiomlán i gcultúr agus teanga na hÉireann.

Tosnóidh an t-imeacht ag 7in agus leanfaidh sé go dtí 12in. Tá Árás Chronáin lonnaithe ag Lána an Uisce, Bóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin. Ní gá áit a chur in áirithe roimh ré don imeacht seo.

Gael Linn

Más cuimhin leat go ceanúil na laethanta scoile a chaith tú ag canadh amhráin chlúiteacha, mholfainn duit freastal ar imeacht atá á reachtáil ag Gael Linn. Beidh amhránaithe ann ag spreagadh an lucht féachana na hamhráin dá n-óige a chasadh leo. Más rud é nach bhfuil na hamhráin de glanmheabhair agat a thuilleadh, níl aon gá bheith buartha mar beidh na focail ar fáil ar an oíche.
Beidh an ócáid ar siúil ag 35 Sráid an Dáma, D2 óna 5:30in go dtí 8in. Ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré agus tá an t-imeacht seo oiriúnach dóibh siúd le riachtanais rochtana.

Turas Treoraithe Trí Ghaeilge ar Champas

Muna bhfuil fonn ort dul lasmuigh de gheataí an Choláiste, níl caithfidh tú an deis a chailliúnt freastal ar imeacht gaelach don Oíche ar leith. Beidh Turas Treoraithe trí Ghaeilge ar siúl ar champas. Beidh an chéad turas ar siúl ag 5:45in agus más rud é go bhfuil léacht agat ansin, tá an t-ádh leat – beidh an deis agat arís ag 6:30in agus ag 7:15in. Dírithe ar stair agus oidhreacht an champais, beidh an t-imeacht seo oiriúnach dóibh siúd le cúpla focal agus suim in oidhreacht an Choláiste. Chomh maith leis sin, cuirfear soláistí ar fáil agus beidh ceol beo i ndiaidh gach turas. Tosnóidh an turas ag an Campanile ag Cearnóg Tosaigh agus mairfidh sé ar feadh 30 nóiméid.

Deis eisceachtúil atá ann foghlaim faoin gColáiste trí mheán na Gaeilge agus is cinnte go mbeidh an t-imeacht chomh taitneamach is a bheidh sé oideachasúil.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.