News
Oct 10, 2019

Fógraíonn an Roinn Oideachais Deontas Gaeltachta d’Ábhar Oidí

Cuirfear an deontas Gaeltachta ar fáil do 1,200 mac léinn gach bliain.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge

Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais go gcuirfear an deontas Gaeltachta ar fáil d’ábhar oidí arís.

Thuairiscigh Tuairisc.ie go mbeidh costas €1.8 milliún ann chun an deontas a chur ar fáil do 1,200 mac léinn gach bliain. Bronnfar an deontas ar ábhar oidí agus iad ar shocrúcháin oibre sa Ghaeltacht.

I ráiteas ríomhphoist go dtí The University Times, dúirt Clíodhna Ní Dhufaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn go “laghdóidh sé an brú airgid millteanach a bhíonn ar mhic léinn múinteoireachta agus iad ag tabhairt faoin gcéim”.

ADVERTISEMENT

Ach ní chlúdaíonn an deontas Gaeltachta iarchéimithe, dar le Ní Dhufaigh: “Tá díomá orainn nach gclúdóidh an deontas seo na mic léinn iarchéime atá ag tabhairt faoin Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas. Íocann na mic léinn seo €10,000 leis an gcúrsa seo a dhéanamh agus níl sé cothrom go mbeidh orthu íoc as na táillí Gaeltachta nuair atá an deontas ag na fochéimithe.”

Fuair an rialtas réidh leis an deontas Gaeltachta d’ábhar oidí sa bhliain 2011. Tá socrúcháin oibre sa Ghaeltacht riachtanach mar chuid den chúrsa.

Ag labhairt le The University Times, dúirt Muireann Nic Corcráin, Oifigeach na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide: “Is iontach an rud é go bhfuil an Deontas Gaeltachta á thabhairt ar ais d’ábhair oide.”

Lean Nic Corcráin ar aghaidh, ag rá: “Táim féin an-sásta go bhfuil an deis anois ag daoine freastal ar chúrsa Gaeltachta, go háirithe dóibh siúd a bheadh ag streacailt roimhe seo.”

An tseachtain seo caite, thuairiscigh The University Times go gcuirfear maoiniú de luach €1.63 milliún ar fáil do 12 chursaí Gaeilge tríú-leibhéil.

I mí Mheán Fómhair, fógraíodh go gcuirfear deontas €1000 ar fáil do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar mhúinteoireacht bunscoile lán-Ghaeilge i gColáiste Marino.

Bronntar céimeanna Marino ó Choláiste na Tríonóide.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.