Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2019

Is Iomaí Fadhb Atá ag Mic Léinn PhD. Caithfidh Siad a gCathanna a Roghnú go Ciallmhar

Léiríonn na héilimh ón bhaill den fheachtas nua PhD go bhfuil nádúr ilghnéitheach ag na fadhbanna rompu.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Má bhí dabht ag éinne maidir le na coinníollacha olca do mhic léinn ag obair agus ag staidéir i gColáiste na Tríonóide, éiríodh réidh leo an tseachtain seo caite.

Ag an gcéad chruinniú den fheachtas nua PhD – a bunaíodh sa troid ar son chearta na mac léinn PhD – labhair an dream a bhí i láthair maidir le liosta fada de fhadhbanna. Chuimhnigh a lán mac léinn faoi amanta nuair a d’obair siad ar son na Tríonóide gan phá, agus cháin roinnt daoine eile i láthair an stádas a bhaineann le mic léinn PhD – gan cearta bunúsacha an oibreora cosúil le conarthaí nó cinnteacht oibre, ach gan fáil acu ar na córais tacaithe a thugtar do mhic léinn fochéime. Labhair roinnt eile faoin gcaoi nár clúdaíodh a gcostaisí múinteoireachta, cosúil le priontáil.

An fhadhb a bhaineann le chuile scoil ná an t-easpa maoinithe don earnáil ardoideachais, ar ndóigh.

ADVERTISEMENT

Ach cé go raibh an móramh ag labhairt faoi fhadhbanna bunúsacha cosúil le stipinn ísle agus an ghéarchéim tithíochta i mBaile Átha Cliath, léirigh an 18 éileamh ón gcruinniú go bhfuil nádúr ilghnéitheach ag na fadhbanna atá rompu. Fiú leis an talamh choiteann eatarthu, is cinnte go bhfuil difríochtaí ag baint lena gcuid taithí.

Tá éilimh an fheachtais chomh huaillmhianach is atá siad líonmhar. Mar shampla, ta an grúpa ag lorg deiridh le táillí speisialta do mhic léinn lasmuigh den AE, chun iompar póiblí saor in aisce a thabhairt do mhic léinn PhD, agus chun tús a chur le córas pinsin.

Tá sé tábhachtach go mbeadh gach feachtas uileghabhálach, agus ní mór don ghrúpa seo pobal a bhunú, ach caithfidh siad cuimhniú go bhfuil sé i bhfad níos deacra feachtasaíocht a dhéanamh ar son a lán rudaí, seachas le líon níos lú.

Is doiligh conclúid faoi leith a sheachaint: go bhfuil níos lú éilimh ag teastáil ón ngrúpa, seachas níos mó. Ach is ceist eile í an chaoi a nglacann baill den ghrúpa leis an gconclúid sin.

Gan mórán seans chun tacaíocht fhorleathan na mic léinn fochéime a fháil, caithfidh an grúpa líon na n-éileamh níos airde ná a neart polaitiúil a sheachaint. Ag deireadh na dála, is léir go bhfuil dushláin roimh mic léinn PhD, agus beidh an grúpa in ann raic a chruthú má léirítear a fhadhb don phobal.