Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 7, 2019

Plean Polaitiúil ag Earnáil le Díth Airgid. Is Beag Éifeacht a Bheidh Aige ar an Rialtas ar nDóigh

Is beag seans go rachfaidh seift pholaitiúil an ardoideachais i bfheidhm ar choinsias an rialtais roimh an mbuiséad ar an Máirt.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Dá mba rud é go raibh iontas ar an rialtas ó cháineadh Propast Patrick Prendergast faoi “pholaiteoirí ag cur a lámha san aer” in agallamh ar RTÉ an tseachtain seo, ba chinnte gur b’iontaí ar fad a bhí sé cúpla lá i ndiaidh sin, nuair a chuir Hugh Brady tús le hionsaí fíochmhar ar drogall an rialtais i leith an ghéarchéim ardoideachais.

Nocht Brady, Uachtarán Ollscoil Bristol agus iar-Uachtarán ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), dáiríreacht na faidhbe agus é ag labhairt sa Chomhlachas Tráchtála Angla-Éireannach.

Cháin Brady gach ní den chóras ardoideachais – ón easpa deontais taighde go dtí titim na Tríonóide sna rangaithe Ardoideachais Times Higher – agus meath “dochosanta” na hÉireann á cháineadh aige.

ADVERTISEMENT

Bhí neart faoi leith ag baint lena thráchtanna – a léirigh cé chomh náireach is atá ár gcóras ardoideachais ar leibhéal idirnáisiúnta – chaith siad scáil ar rabhadh an Phropaist go bhfuil seans go mbeidh ar an gColáiste líon na mac léinn a ísliú sna blianta amach romhainn.

Ba chóir go gcuirfeadh an rogha dhian ó Prendergast, seachtain roimh an mbuiséad, ionadh ar an rialtas agus ar vótálaithe.

Is beag seans go gcruthóidh na tréaniarrachtaí seo aon fhreagra ón rialtas an tseachtain seo chugainn, faraor. Sna seachtainí deireanacha tá seift pholaitiúil léirithe ag Prendergast nach raibh feicthe go dtí seo ach is beag seans a bheidh tionchar aige ar rialtas nach n-aithníonn aon tábhacht pholaitiúil san ardoideachais.

Le bheith cruinn faoi, tá seans maith nach bhfaighfidh an earnáil ardoideachas – a bhfuil neamhaird déanta uirthi arís is arís – aon infheistíocht shuntasach i mbuiséad na bliana seo chugainn, nó don bhliain i ndiaidh sin fiú. Is rialtas é seo atá go hiomlán dírithe ar chaipiteal polaitiúil, mar sin is rialtas é atá lánsásta le hollscoileanna ag fulaingt – go háirithe nuair nach bhfuil aon spéis léirithe ag a vótálaithe gur rud tábhachtach é an t-ardoideachas dóibh.

Ag deireadh na dála, fillfidh an feall ar an bhfeallaire ar ndóigh, le céimithe ag teacht ó chóras ata ag sleamhnú go tapaidh. Ach go dtí go n-athraíonn sin ó bhagairt theibí go dtí an fhírinne, is dócha go leanfaidh an rialtas leis ag cur tríú-leibhéil ar an méar fhada, faraor.