Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 29, 2019

Tá Geallsealbhóirí an Ardoideachais ag Easaontú – go Poiblí – ar Cheisteanna Pholasaí Bunúsacha

D’eagraigh an Propast Patrick Prendergast agus an tAire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor aighneas i nuachtán náisiúnta an tseachtain seo caite.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le cúpla bliain anuas, tá titim coláistí na hÉireann sna rangaithe tar éis dul in olcas agus faoin am seo is cúis náire náisiúnta an staid ina bhfuil cúrsaí.

Ach b’fhéidir níos measa fós, an tseachtain seo, ghlac dhá phearsa lárnach in ardoideachas na hÉireann seasaimh atá ag teacht salach ar a chéíle faoi conas mar is cóir dul i ngleic leis an bhfadhb.

In alt san Sunday Business Post, dúirt an Propast Patrick Prendergast – agus is gá a aithint go bhfuil sé tar éis ráitis frithráiteacha a dhéanamh maidir le topaic na rangaithe – go bhfuil straitéis náisiúnta rangaithe ag teastáil chun iarracht a dhéanamh coláistí na hÉireann a shábháil ó mhéadú i ndíobháil cáile.

ADVERTISEMENT

Sa phíosa céanna, léirigh an t-Aire Ardoideachas Mary Mitchell O’Connor drochmheas ar an moladh. Dúirt Mitchell O’Connor nach amháin go mbeadh sé éigríonna straitéis a chuir i bhfeidhm – dúirt sí chomh maith go mbeadh “mí-úsáid rialacha” i gceist leis.

Is cinnte go bhfuil conspóid ar leith ag baint le rangaithe mar scála tomhais do chaighdeán oideachais. Ach taispeánann an slí inar easaontaigh an tAire agus Prendergast – i nuachtán, seachas timpeall bord idirbheartaíochta – an drochstaid ina bhfuil an earnáil sa lá atá inniu ann.

Tugann an eachtra léiriú soiléir dúinn nach amháin go bhfuil coláistí na hÉireann in umar na haimiléise, ach nach bhfuil fís stuama ann chun iad a tharrtháil.

Bhí níos mó i gceist leis an easaontú ná rud oideolaíoch amháin: Bhí an cuma air go raibh cosantacht i gceist leis an slí inar dhiúltaigh Mitchell O’Connor glacadh le torthaí na rangaithe agus leis an slí nár aithin sí go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha bheith i gceist le titim sna rangaithe.

Cinnte, ní hiad rangaithe tús agus deireadh an scéil, ach tá an ceart ag Prendergast nuair a deireann sé gur comhartha é neamhláithreachas aon choláiste Éireannach ón gcéad 120 nach bhfuil ag éirí le hearnáil an ardoideachais a fód a sheasamh i measc na scotha cé go dteastaíonn uaithi bheith ar chomhcéim leo.

Is léir nach fadhb í seo le réiteach furasta – ach tá sé níos soiléire fós nach gcabhróidh argóintí sna nuachtáin náisiúnta linn réiteach na faidhbe a aimsiú.