Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 4, 2019

An tSeachtain Seo Caite, Thréig Comhairle TCDSU a Choimeádachas – Arís

Ag an gcomhairle deireanach, dhiúltaigh TCDSU rún chun tacú le Cut the Rent, grúpa mac léinn atá ag eagrú stailc chíosa.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An Mháirt seo caite, vótáil comhairle Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide in aghaidh tacaíocht a thabhairt do ghrúpa pobail darb ainm Cut the Rent atá ag éileamh ar stailc chíosa ar champas na Tríonóide. Bhí tacaíocht an ghrúpa ag méadú sna seachtainí roimh chomhairle: bailíodh 200 sínithe ar achainí, stocaireacht ar mhic léinn agus fiú aird na meán náisiúnta tuillte acu.

Ach a luath is a thosaigh baill ó Cut the Rent ag labhairt ar son an rúin a chuirfeadh iachall ar an aontas chun tacaíocht a thabhairt dóibh, chuaigh an t-atmaisféar sa seomra in olcas.

I ndiaidh díospóireacht fhada – inar léirigh roinnt baill comhairle dabht faoi shábháilteacht stailc chíosa – vótáil siad ar an rún. Do shúil neamhoillte, bhí an dreach ar an scéal go raibh mórlach beag acu siúd i gcoinne an rúin – ach bhí seans gur éirigh leis an rún.

ADVERTISEMENT

Dóibh siúd a bhfuil aithne acu ar an gcomhairle, áfach, ní raibh amhras ar bith ann faoin toradh.

Vótáil comhairle gan tacaíocht a thabhairt do mhic léinn, agus, mar atá déanta acu go minic le blianta anuas, vótáil siad i gcoinne athraithe. Eagraíocht a bhíodh bród uirthi as ucht a bheith forásach tráth, léirigh siad gur eagraíocht choimeádach anois í, ag iarraidh achrann a sheachaint agus an status quo a chosant.

Is buille cheart é coimeádachas na comhairle do Cut the Rent. Thabharfadh tacaíocht an aontais dlisteanacht don ghrúpa i measc lic léinn, agus, níos tábhachtaí, i measc riarachán na Tríonóide.

Ciallaíonn sé nach mbeidh sraith chosantach eile ag mic léinn atá ag iarraidh a chíos a choimeád ó riarachán naimhdeach. Chun teacht ar argóint iomlán ar fad, is é an t-easpa tacaíochta ó TCDSU go dtí Cut the Rent an rud is baolaí do mhic léinn.

Bhí fearg le braistint ar líne i ndiaidh an diúltaithe. Cháin daoine comhairle dá choimeádachas. Chuimhnigh roinnt siar go dtí 2015, nuair a vótáil comhairle in aghaidh seasamh a thógáil i gcoinne táillí mac léinn – cinneadh a cruthódh uafás ag comhairle an lae inniu.

Nochtaíonn seo dlúththréith na comhairle: diúltaíonn sí chun tacú le hathruithe go dtí nach bhfuil aon bhaol ag baint leis. Fad is go leanann leis seo, laghdóigh neart an aontais i measc mac léinn agus an Coláiste, maraon leis na deiseanna a bheidh ag mic léinn na Tríonóide chun seasamh a thógáil.