Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 11, 2019

Bille Modúlach Ar Ais Arís, Tá Fáilte Mhór Roimhe

Is cosúil go bhfuil foinse eile maoinithe aimsithe ag an gColáiste do chóras a chabhróidh le saoil na mac léinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Gan trácht ar bith air le dhá bliain anuas i ndiaidh na n-agóidí Tóg an Tríonóid ar ais, an tseachtain seo, nocht an nuachtán seo go bhfuil seans ann go gcuirfidh an Coláiste córas bhille modúlach i bhfeidhm.

Tá an-tóir ar bhille modúlach do mhic léinn le tamall fada – d’úsáid an Coláiste é mar an chúis gur cuireadh táille forlíontach uafásach de luach €450 i Márta 2018

Don chúis seo, tá ceangailt ag bille modúlach le hoidhreacht Tóg an Tríonóid ar ais do roinnt mac léinn. Tá an nasc chomh láidir sin, gur spreag an nuacht faoin mbille modúlach an tseachtain seo imní i measc dreamanna faoi leith.

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh, ní féidir a shéanadh ach gur rud dearfach é an comhrá seo faoin mbille modúlach. Nuair a fuair Coláiste na Tríonóide réidh le táillí forlíontacha, dhíol siad an t-asal leis an adhastar toisc go bhfuair siad réidh le bille modúlach freisin.

Ag an am sin, bhí an Coláiste chomh stuacánta go raibh bille modúlach dodhéanta gan táillí forlíontacha. Is cinnte go raibh orthu an t-airgead a aimsiú don athchoiriú áit éigin. Ach is fianaise í nuacht na seachtaine seo faoi na pleananna don bhille modúlach go bhfuil roghanna eile ann.

Is bua dúbailte do fheachtasóirí mac léinn í an chaoi a raibh ar an gColáiste foinse maoinithe eile don athrú a aimsiú, a léiríonn leis an mbrú ceart, gur féidir rogha eile a aimsiú, fiú má áiteann an Coláiste go raibh sé dodhéanta.

Ghlaoigh oide sinsearach na Tríonóide “dian danartha” ar an gcóras as-leabhair atá againn faoi láthair, d’úsáidfeadh an córas bille modúlach ina áit. Ba chóir deireadh a chur leis an gcóras seanchaite a chuireann brú ar mhic léinn na Tríonóide bliain a chaitheamh gan seirbhísí na Tríonóide. Tá sé thar am go n-úsáidtear córas níos cothroime agus níos solúbtha ina áit – faoi dheireadh, tá an chuma ar an scéal go dtarlóidh sin.

Tá an cumas ag bhille modúlach chun saoil na mac léinn a fheabhsú. Cé nach bhfuil fhios againn faoin bhfoinse go dtí seo, is údar dóchais é gur abhar cainte anois é.