Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 11, 2019

Céim Chun Tosaigh don Chomhionannas Inscne, Sáraithe ag Ceisteanna faoin Modh

Tá ceisteanna fós le freagairt faoin bpróiséas inar cheap an Choláiste an leas-propast chomhlach ar son comhionannais, ilchineálachta agus iomchuimsithe.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ag tús an tsamhraidh, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo go hardmholtach faoi aitheasc inbhreathnaitheach an Propaist Patrick Prendergast ag seoladh cairt an Gníomh Sistéamach do Chomhionnanas Inscne (SAGE).

Comhartha ab ea an t-imeacht go raibh athrú ag teacht ar an slí ina thugann an Choláiste faoi cheist an chomhionannais inscne, le bogadh i dtreo iarrachtaí fiúntacha chun deiseanna a fheabhsú d’fhoireann na mban, seachas fiú amháin a bheith ag iarraidh tic a chuir sa bhosca.

Ach chuir tuairsiceoireacht an University Times in iúl nach féidir bheith cinnte gur fíor iad bunchúiseanna an Choláiste – nocht an nuachtán seo gur tharla ceapadh an leas-propaist chomlach um chomhionnnais, ilchineálachta agus iomchuimsithe faoi dheifir.

ADVERTISEMENT

Tá gach uile chuma ar an scéal gur rud dearfach é oifigeach ardchéimiúil a cheapadh ar son an chomhionannais inscne – cé go bhfuil an cinneadh seo déanach. Tá an Coláiste taobh thiar de ollscoileanna eile a bhunaigh an post bhfad ó shin, ach ní fhéadfá a shéanadh gur rud maith an cinneadh é a dhéanamh.

Ach tá fadhb leis an bpróiséas inar chruthaigh an Coláiste an post. D’éirigh leis an moladh go leictreonach seachas tar éis é a phlé ag cruinniú Bord an Choláiste, agus cé gur chloígh sé seo go docht leis an dlí, ní thaispeánann sé meas ar spiorad an dlí – agus os rud é go rinneadh é faoi dheifir chun spriocdháta a bhaint amach do thionscnamh chomhionannais eile, tá sé cuí agus cóir go mbeadh amhras faoi dháiríreacht na Trionóide mar gheall ar thabhacht an phoist.

Go deimhin, rud a chruthaíonn ceisteanna faoin méid oibre a chuir an Tríonóid isteach sa cheapacháin ná an tslí nár ndheachaigh éinne i gcomhairle leis an Ollamh Eileen Drew – stiúirtheoir Lárionad na Tríonóide ar son Chomhionannais agus Ceannasaíocht agus oifeagach sa Choláiste atá ag croílár iarrachtaí chun cuinsí a fheabhsú ar son mná léinn.

Anuas ar seo, ní hé seo ach an cás is déanaí inar choinnigh Prendergast Bord an Choláiste amuigh, a bheag nó mór, ón bproiséas cinnteoireachta. Luadh srianta ama mar an chúis nár phléadh an t-ábhar le baill an Bhoird, ach bhí neart ama acu chun an próiséas cuí a chuir ar bhun – thosaigh an rialtas ag éileamh aighneachtaí i Mí Meithimh, agus bhí an spriocdháta i lár Deireadh Fómhair.