Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 18, 2019

Leagadh Hamilton – Masla Eile do Phobal Atá Faoi Ghannionadaíocht

Thug an Coláiste deis do mhic léinn bheith bainteach sa chomhrá maidir le leagadh foirgneamh i ndiaidh na ngearán.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, cháin mic léinn cinneadh an Choláiste chun an foirgneamh bicheimice agus Saotharlann Robert’s a leagadh ag deireadh an téarma – am ina mothaíonn mic léinn faoi bhrú, agus é i bhfad níos measa anois de bharr torainn ón leagadh. Dúirt mic léinn go raibh an cinneadh “leithleach agus neamhaireach”, agus d’áitigh siad nach raibh an leabharlann sa Hamilton fabhrach le haghaidh staidéir de dheasca an torainn.

Braitheann grúpa mór de mhic léinn ar an leabharlann Hamilton mar an t-aon spás ar féidir leo leabhair ábhartha a aimsiú, agus úsáideann níos mó daoine é mar spás staidéir.

Bhí se ina drochnbhuille dóibh, mar sin, gur theip ar an gColáiste – le ceangailt orthu maidir le srianta pleanála agus tréimhse ama faoi rún gan dabht – dul i dteagmháil leo maidir le cinneadh a raibh impleachtaí móra aige ar a gcumas staidéir.

ADVERTISEMENT

Cé go bhfuil an leagadh riachtanach – tá sé ag tarlú chun spás a chruthú d’Institiúd nua an Choláiste, Innealltóireacht, Fuinneamh agus Teicneolaíocht ag teacht chun cinn (E3) – léiríonn an tráthúlacht an t-easpa airde a thugann an Coláiste don phobal ar an taobh thoir den champus atá tar éis rá go minic go bhfuil siad faoi ghannionadaíocht ag leibhéil éagsúla de shaol an Choláiste.

Bhí sé thar a bheith neamhchúramach ó thaobh na Tríonóide nach raibh baint ag mic léinn sa chomhrá go dtí go raibh sé ródhéanach: cé gur tugadh cuireadh do mhic léinn amháin bheith páirteach i ngrúpa páirtithe leasmhara chun eolas a fháil ar an leagadh, léiríonn sé an íoróin nár cheap an Coláiste go raibh mic léinn mar pháirtí leasmhara sa chéad áit.

Ba neamart siombalach ar stráitéis an Choláiste, a thugann tús áite do thionscnaimh capitil seachas na mic léinn a fhreastalaíonn air.

Dá mbeadh tionscnamh cosúil ar siúl in aice le Foirgneamh na n-Ealaíon agus na leabharlainn, ba bheag an dabht a bheadh ag an gColáiste maidir leis an bhfearg ó mhic léinn. Le hamchláir gnóthacha, tá sé níos deacra do mhic léinn an Hamilton chun a ndeacrachtaí a léiriú, agus ní ga duit bheith mar dhuine soiniciúil chun a aithint go mbeadh sé níos éasca do lucht riaracháin na Tríonóide an bob seo a bhualadh ar mhic léinn níos gnóthacha.

Do mhic léinn san Hamilton, ní leor í an bhaillríocht sa chomhrá faoin leagadh, agus tá sé i bhfad ródhéanach.