News
Nov 15, 2019

Tacaíonn AMLÉ le Comharthaí Dátheangacha in Ollscoileanna an Tuaiscirt

Aithníonn an rún tréaniarracht na gcumann agus na haontais ó thuaidh mar chuid den feachtas ar son comharthaí dátheangacha.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge

Vótáil Aontas na Mac Léinn in Éirinn chun tacú le comharthaí dátheangacha in ollscoileanna i dTuaisceart Éireann ag comhairle náisiúnta na mac léinn i gColáiste na Tríonóide aréir.

Mhol Clíodhna Ní Dhufaigh, an Leas-Uachtarán don Ghaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn an rún.

I ráiteas ríomhphoist go dtí The University Times, dúirt Ní Dhufaigh go raibh Aontas na Mac Léinn in Éirinn “fíorshásta” go bhfuil síad in ann tacú leis na feachtais ó thuaidh.

ADVERTISEMENT

Lean sí ar aghaidh, ag rá: “Tá guth amháin láidir anois ag mic léinn ó Thuadh agus táimid ag súil le tuilleadh plé a dhéanamh le heagraíochtaí Gaeilge agus le húdaráis na gcoláistí éagsúla leis an bhfadhb seo a shárú go luath.”

De réir an rúin: “Sainordaíonn an Chomhairle: Leas-Uachtarán don Ghaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn tacaíocht a thabhairt do mhic léinn ó thuaidh comharthaíocht dhátheangach a lorg ar champas.”

Thacaigh comhairle mac léinn in Ollscoil Uladh le comharthaí dátheangacha i Samhain na bliana seo caite, ach ní cuireadh iad in airde go dtí seo.

Lean an rún ar aghaidh: “Ba cheart go n-oibreoidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge leis na Cumainn Ghaelacha agus Aontais na Mac Léinn brú a chur ar Údaráis an Choláiste comharthaí dátheangacha a chur ar champas le Gaeilge agus Béarla ar mhéid chomhionann.”

Agus é ag labhairt i bhfábhar an rúin, dúirt Andrew McAnallen, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Uladh: “Ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den rud seo. Táimid buíoch asaibh as ucht seasamh linn.”

D’aithin an rún an tréaniarracht atá ar siúl ag na cumainn Gaelacha agus ag na haontais mac léinn ó thuaidh agus iad ag feachtasaíocht ar son na gcomharthaí dátheangacha freisin.

Vótáil an chomhairle chun tacaíocht a thabhairt d’fheachtas a lorgaíonn táirgí mhíosta saor in aisce do mhic léinn freisin. Bhí rún eile ag an gcomhairle maidir le stailc cíosa.

Mí ó shin, d’fhógair Sean Kyne maoiniú de luach €1.63 milliún do chúrsaí Gaeilge tríú-leibhéal. Cúpla lá ina dhaidh sin, d’fhógair an Roinn Oideachais go gcuirfear an deontas Gaeltachta ar fáil d’ábhair oidí arís.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.