Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 13, 2020

Do Ollscoileanna, Tá Níos Mó ná Baoill i gCeist Leis an mBreatimeacht

An tseachtain seo d'fhógair an rialtas go gcoimeádfar socrú táillí idir Éire, an RA agus Tuaisceart Éireann le haghaidh bliain eile.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo caite, chuir an rialtas mic léinn Éireannacha atá ag staidéir i dTuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe ar a suaimhneas – agus iad siúd ata ag teacht ón treo eile – go gcoimeádfar an socrú táillí le haghaidh bliain eile.

I mí Eanáir na bliana seo caite, 364 lá ó shin agus trí sheachtain roimh an spriocdháta CAO, fuair mic léinn ag tosú i mí Mheán Fómhair an gealltanas céanna.

Ag an am, scríobh an Bord Eagarthóireachta seo go raibh an gealltanas táillí “curtha ar an méar fhada seachas réitithe”. Bliain níos déanaí, is léir nach bhfuil mórán tar éis athrú – agus gur dócha go leanfaidh ollscoileanna ar aghaidh ag fulaingt mar gheall ar mhíshocracht síoraí an Bhreatimeachta.

ADVERTISEMENT

Sa Choláiste seo, tá líon na n-iarratas ó Thuaisceart Éireann tar éis titim le blianta beaga anuas, i ndiaidh arduithe leanúnacha mar thoradh ar iarracht comhbheartaithe chun Coláiste na Tríonóide a chruthú mar ollscoil don oileán ar fad.

Bliain ó shin, ba léir go raibh an caidreamh idir institiúidí ardoideachais sa RA agus in Éireann faoi bhrú, ag am nuair a bhí nascanna domhanda á gcíoradh ag ollscoileanna.

Ach 12 mhí ó shin bhí dóchas éigin ar a laghad go mbeadh deireadh tagtha leis an éiginnteacht atá ag cur bac ar mhic léinn an teorainn a thrasnú dá gcuid oideachais, le gealltanais do “shoiléireacht fadtéarmach” ón rialtas. Anois tá an dreach ar an scéal gurb iad ceangaltais bliain-ar-bliain an gnáthrud.

Ní sárscéal é nuair a thugtar gealltanais trí sheachtain roimh an spriocdháta CAO agus do oideachais tríú-leibhéil a phleanáil agat. Ach ní luaitear – go soiléir ar aon nós – an damáiste do-athraithe atá ag baint leis an éiginnteacht seo.

Glacann sé am agus obair dhian chun cultúr a chruthú ina gcreideann mic léinn ó Thuaisceart Éireann gur rogha réalaíoch é chun staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide. Ach glacann sé i bhfad níos lú ama chun tús a chur le próiseas a scriosfadh na nascanna seo – d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil sé ag tarlú cheana féin. Agus, do rialtas na hÉireann, is beag an rud ar féidir leo a dhéanamh chun treocht bhaolach a stopadh.

I ndáiríre, tá an t-easpa gealltanas fadtéarmach idir an RA agus Éire ag déanamh dochar fadtéarmach – agus do-athraithe – don cheangailt idir ollscoileanna na dtíortha. Ní mór dúinn comhrá a bheith againn faoi.