In Focus
Jan 21, 2020

Idir Cruthaíocht Agus Rialacha: Laochra Nua-Aimseartha Foclóireachta

Bailíonn grúpa de na saineolaithe ar an nGaeilge is oillte sa tír agus déantar plé ar iarratais le haghaidh téarmaí nua-chumtha.

Aoife EnrightLeas-Eagarthóir na Gaeilge

Nuair bhíonn téarma Gaeilge á lorg agat, cá dtéann tú? Ar an dea-uair tá na laethanta ina raibh orainn cíoradh trí shean-chóip de De Bhaldraithe i bhfad uainn – buíochas le suíomhanna ar nós tearma.ie. Ar chuimhnigh tú riamh orthu siúd atá taobh thiar de na háiseanna chomhaimseartha seo agus an méid oibre a bhíonn i gceist leis an tearmeolaíocht sa lá atá inniu ann?

Bailíonn grúpa de na saineolaithe ar an nGaeilge is oillte sa tír uair sa mhí in oifigí Fhoras na Gaeilge agus déantar plé ar fhiosraithe tearmaíochta, ar cheisteanna aistriúcháin agus ar iarratais le haghaidh téarmaí nua-chumtha. An Coiste Téarmaíochta a thugtar orthu agus is iad atá i gceannas ar thearmeolaíocht chaighdeánach na Gaeilge.

Foireann de thart ar 25 ball ó réimsí éagsúla atá ar an gCoiste ar feadh tréimhsí trí bliana ar a laghad. Feidhmíonn an Coiste Téarmaíochta mar chroílár téarma.ie, suíomh idirlíne foclóireachta agus an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge, tionscadal atá faoi á bhainistiú ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliaith agus Foras na Gaeilge.

ADVERTISEMENT

Tá an Coiste comhdhéanta de mheascán de bhaill ex officio atá ann thar ceann eagraíochtaí éagsúla chomh maith le baill a bhí molta as ucht a gcuid saineolais i réimse na téarmeolaíochta. Duine acu is ea Dr Gearóid Ó Cleircín, atá ar an gCoiste le beagnach deich mbliana thar ceann Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Míníonn sé go gcuireadh téarma.ie ar bun mar fhreagra ar an éileamh a bhí ann do “théarmaíocht nua-aimseartha a bhain le cúrsái airgeadais, cursaí margaíochta agus cursaí ríomhaireachta.”

Insíonn sé go raibh ábhair teicniúla á múineadh i DCU trí mheán na Gaeilge agus “b’éigean don fhoireann go leor de na téarmaí sin a chruthú.” Saineolaithe ar an nGaeilge agus an aistriúcháin iad na baill ar fad agus deireann Ó Cleircín go mbíonn an-scil i gceist leis an obair a bhíonn ar siúl ag an gCoiste: “Bíonn tú ag plé le gach saghas coincheap, gach saghas téarma. Bíonn idir cruthaíocht agus rialacha ag baint leis.”

Bíonn teangacha ag síor-athrú. Fhad agus go bhfuil teanga ag athrú agus téarmaíocht úr á cumadh tá teanga beo

Ag labhairt leis an University Times faoin mbaint atá aici leis an gCoiste, is léir an dúil sa téarmeolaíocht atá ag Dr Eithne Ní Ghallchobhair, ball eile den Choiste: “Is maith liom an dóigh a bhíonn teangacha ag síor-athrú. Fhad agus go bhfuil teanga ag athrú agus téarmaíocht úr á cumadh tá teanga beo.”

Is de bharr an síor-athruithe seo a bhíonn ag teacht ar an nGaeilge go bhfuil eagraíocht ar nós an Choiste Téarmaíochta ag teastáil. Tá an dualgas ar an gCoiste téarmaí nua a chumadh agus léiríonn Jenny Ní Mhaoileoin, téarmeolaí cúnta den Choiste, go dteastaíonn “tuiscint ar an tearmeolaíocht, ar an gcur chuige agus ar na rialacha ar fad” chun a leithéad a dhéanamh.

Tagann fiosrúcháin chuig an gCoiste faoi mheascán de thearmaí atá i mbéal an phobail agus téarmaí eolaíochtúil nó teicniúil atá á lorg ag daoine. Is féidir le héinne úsáid a bhaint as nasc atá ar shuíomh tearma.ie agus iarratas a sheoladh chun teacht ar théarma nua.

Míníonn Ó Cleircín go dtagann “ceisteanna fánacha” chuig an gCoiste on bpobal agus ó dhaoine atá “ag éileamh rud éigin a scríobh i nGaeilge agus tugann siad faoi deara nach bhfuil teacht ar leagan Gaeilge de fhocal Béarla sna foinsí foclóireachta”.

Ag labhairt faoin bpróiséas atá ag an gCoiste teacht ar théarmaí nua, deireann Ní Mhaoileoin go mbíonn an-tionchar ag cursaí reatha ar na téarmaí a bhíonn á lorg: “Má tá an-chuid cainte sa nuacht faoi théarma nua nó faoi ábhar éigin, is cinnte go dtiocfaidh duine éigin chugainn. Bheinn ag leanúint na nuachta agus bheadh fhios agam go dtiocfadh fiosrú isteach”.

Chomh maith le hiarratais ón bpobal, oibríonn an Coiste go dlúth le haistritheoirí gairmiúla san Eoraip, scríbhneóirí agus iriseoirí chun téarmaí caighdeánacha a cheapadh.

Ag an gcruinniú míosúil, tarlaíonn plé faoi téarmaí i bhfochoistí. Agus é ag déanamh cur síos ar mhodheolaíocht an Choiste, míníonn Ó Cleircín go mbíonn rialacha dochta i gceist maidir le litriú agus gramadach na dtéarmaí eolaíochta, téarmaí le haghaidh “druga nó ceimiceán, abair” agus nach mbíonn deacracht ag baint lena leithéidí a thraslitriú ach go mbíonn plé “bríomhar” i gceist nuair is gá don Choiste cinneadh a dhéanamh maidir le tearmaí atá níos ‘teibí’.”

Aontaíonn Ní Mhaoileain, ag úsáid sampla ón gcruinniú deireanach a chruthaigh roinnt díospóireachta; an téarma ‘zero-waste’ sa Bhéarla. “Tá an-deacracht le téarma mar sin”, deireann sí, “mar má bhreathnaíonn tú ar na leaganacha sa Fhraincís, san Iodáilis agus sa Spáinnis, úsáideann said ar fad ‘zero’ – ach níl an focal sin againn, caithimid é a ghaelú.” Ar deireadh, bheartaíodar ar “Dhíothú Drámhaíola.”

Bíonn tú ag plé le gach saghas coincheap, gach saghas téarma. Bíonn idir cruthaíocht agus rialacha ag baint leis

Luann sí an méid plé a bhíonn i gceist nuair nach bhfuil aistriúchán soiléir le fáil agus cé chomh minic is go dtéann an Coiste “siar is aniar” ag “athmhacnamh” ar théarmaí nua-cumtha.

Déanann Ní Ghallchobhair trácht ar an méid oibre a théann isteach i dtéarmaí nua a cheapadh; “Níor thuig mé – go dtí go ndeachaidh mé fhad le cruinniú – go mbeadh an oiread sin taighde le déanamh sula gcuirfí téarma úr ar an idirlíon chun a chinntiú go mbeadh sé beacht agus go díreach i gceart.”

Ag labhairt faoin omós a bhaineann le bheith mar bhall den Choiste, tá Ó Cleircín lán dáiríre gur “ónóir é” go bhfuil Foras na Gaeilge sásta a shaineolas agus a thaithí a “chur i bhfeidhm ar chrúthú téarmaí nua a bheidh ag dul isteach sa teanga de réir a chéile.”

Aontaíonn Ní Ghallchobhair leis go bhfuil gradam ollmhór ag baint fiú le bheith i measc a comhpháirtithe, “tá daoine ar an gCoiste thar a bheith oilte agus an-mhórán eolais acu faoi fhoclaíocht, faoi théarmaíocht agus faoin dóigh le téarmaí úra a chumadh.”

Gné a thaispeánann an díograis a bhaineann le hobair an Choiste ná gur rud iomlán deonach é. Is iontach an rud é go bhfuil 25 saineolaithe sásta bualadh le chéile uair in aghaidh na míosa agus plé a dhéanamh maidir le téarmaíocht na Gaeilge as a stuama féin.

An chéad uair eile go n-eiríonn leat teacht ar théarma casta ar nós “An Comhaontas Idirnáisiúnta um Dhíothú Dramhaíola”, cuimnigh ar mhuintir an Choiste mar ba chóir – mar laochra nua-aimseartha i measc phobal na Gaeilge.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.