Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 10, 2020

Chlis Ceannaireacht an GSU ag Am Práinneach. Níl Réiteach le Feiceáil

Ní féidir a samhlú go nglacfadh lucht riartha an Choláiste le héilimh aontas nach féidir a aighneas a choimeád ó nuachtán.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Is annamh go mbíonn deis ag ghnáthbhaill eagraíochta chun an t-achrann inmheánach idir a gceannairí mac léinn a fheiceáil. Nuair a bhíonn, is minic gur ráflaí atá i gceist seachas aon rud le bunús.

Ach an tseachtain seo tugadh léiriú cuimsitheach do mhic léinn iarchéime ar na scoilteanna i lár Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU), nuair a chuaigh Uachtarán Shaz Oye agus Leas-Uachtarán Gisèle Scanlon in adharca a chéile os comhair an tsaoil.

Is annamh a bhíonn polaiteoirí ag argóint go poiblí i mbéal an phobail. Tá sé dushlánach, mar sin, gan an t-aighneas seo a shamhlú mar aon rud seachas léiriú d’aon ghnó ar achrann príobháideach.

ADVERTISEMENT

Ach lena n-aighneas poiblí, léirigh siad níos mó ná a n-easpa aontais, áfach: bhain siad an bonn ón eagraíocht – agus na baill – a dtugtar íocaíocht dóibh chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son. Braitheann mic léinn go bhfuil sé deacar go leor chun brú a chur ar an gColáiste éisteacht leo nuair atá siad ar aon intinn – gan trácht ar nuair a thuairiscítear ar a scoilteanna i nuachtáin.

Thuigfeá do mhic léinn iarchéime – le líon ard díobh ag obair i gcoinníollacha léanmhara – dá móthódh siad gur theip Oye agus Scanlon, ionadaithe ar toghadh ar an ticéad céanna le troid ar a son, orthu.

Níor thosaigh an phráisc seo an tseachtain seo caite ar ndóigh. Thosaigh sé an tSamhain seo caite, nuair a theip ar Oye aighneas a dhéanamh i gcoinne beartas a laghdódh pá do bhaill foirne neamhfhoirmiúila.

Ach an tseachtain seo níor thug Scanlon dúshlán d’Oye ar a meancóg (botún ar ghabh Our leithscéal as, fiú murar ghlac sí le freagracht iomlán). In ionad sin, cháin sí í maidir le ceist dhoiléir faoin méid a thoileann iarchéimithe. Níl mórán amhras ann ach go raibh faill pholaitiúil i gcoinne uachtarán faoi bhrú a bhí i gceist leis chomh maith le himní do mhic léinn iarchéime.

Agus níl aon mholadh tuillte ag Oye ach an oiread. Cé go raibh sí in ann a áiteamh gur féinchosaint á déanamh aici féin i gcoinne “cúiseamh bréagach” Scanlon, mar a dúirt sí in agallamh leis an nuachtán seo, fiú agus í ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann le ceannaireacht aontaithe.

Ag am nuair a bhí géarghá ann go dtaispeánfadh ceannaireacht an GSU aontas, scoilt sé. Tá sé deacar a shamhlú conas a aimseofar réiteach.