Comment & Analysis
Eagarfhocal
Feb 4, 2020

Díospóireacht Iomlán Faoi Mhaoiniú, le hArgóintí Seachas Réitithe

Ní raibh trácht ar bith ar neamhspléachas agus lóistín na mac léinn ag an díospóireacht ardoideachais an tseachtain seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá comhráite polaitiúla faoin ardoideachas cosúil le busanna, ar ndóigh: caitear a lán ama ag fanacht ar cheann agus ansin tá na polaiteoirí agus na páirtithe leasmhara sa seomra céanna, ag díospóireacht go poiblí faoina fhadhbanna.

Is é sin a tharla an tseachtain seo caite, nuair a tháinig ionadaithe ó sheacht bpáirtí polaitiúla go dtí an Coláiste do dhíospóireacht olltoghcháin faoi na fadhbanna a bhaineann leis an earnáil ardoideachais.

Ba dheis é do imreoirí lárnacha sa chath ar son maoiniú ardoideachais a n-éileamh a chur in iúl don rialtas – bhí an Propast Patrick Prendergast ionraic nuair a smaoinigh sé os ard má tá an “cheannasaíocht” ag Éire chun géarchéim maoiniú na hearnála a réitiú. (In aice leis, shuígh an tAire Ardoideachais Mary Mitchell O’Connor, a fuarchúis le braistint.)

ADVERTISEMENT

Chomh maith leis sin, deis a bhí ann do mhic léinn chun éisteacht le polaiteoirí dul i ngleic le smaointí a d’fhéadfadh tionchar mór a bheith acu ar ollscoileanna sna blianta amach romhainn.

Agus ar deireadh, ábhar díoma a bhí ann.

Ba dheis í an díospóireacht do pholaiteoirí fís chiallmhar don ardoideachas a chur in iúl – cuid lárnach de todhchaí na tíre seo, mar a d’aithin siúd a bhí ar an stáitse. Ba chóir go raibh díospóireacht chuimsitheach faoi mhaoiniú, neamhspléachas agus lóistín na mac léinn.

Ina ionad sin fuaireamar seanargóint a raibh beag suntais ag baint léi. Is minic go raibh an chuma orthu siúd ar an stáitse gurb í sin a gcéad uair ag éisteacht le smaointí agus fadhbanna coitianta, smaointí a raibh uachtaráin ollscoileanna ag labhairt futhu ar feadh na gcianta. Níos minice fós, thit chas an díospóireacht ina scóráil pointí sciob-sceab.

Theip ar Shinn Féin, an t-aon pháirtí gar d’Fhianna Fáil agus Fine Gael sna pobalbhreitheanna, aon réitithe malartacha a chur in iúl, agus údar imní a bhí ann nár ceistíodh iarracht Mitchell O’Connor chun an bonn a bhaint de tuarascáil Cassels.

Ní raibh aon trácht ar lóistín na mac léinn nó neamhspléachas – dhá fhadhb le tábhacht phráinneach – le haird an tseomra go hiomlán dírithe ar chomhrá faoi mhaoiniú nach líonfaidh ollscoileanna na hÉireann le muinín.

Cé go bhfuil caint na bpolaiteoirí cloiste againn faoi dheireadh, is beag fianaise atá ann go bhfuil fís ag na páirtithe móra don todhchaí.