Radius
Feb 9, 2020

Éigse na Tríonóide: Seachtain Lán de Chultúr, Ceol agus Craic

Bígí páirteach san fhéile Ghaelach is mó ar champas.

Róise HannanScríbhneoir Cúnta

Beidh Éigse na Tríonóide ann arís ar an tseachtain seo chugainn, féile a eagraíonn an Cumann Gaelach in éineacht le hAontas na Mac Léinn leis an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn sa Chólaiste.

Reáchtáladh an fhéile seo den chéad uair seacht mbliana is ceithre scór ó shin, agus gach uile bhliain bíonn lear mór imeachtaí éagsúla ar siúl i rith na seachtaine seo atá ann leis an Ghaeilge agus an chultúr Gaelach a cheiliúradh. Ní eisceacht ar bith í an bhliain seo – tá seachtain lán de spórt agus spraoi éagraithe ag an Chumann Gaelach i gcomhluadar le roinnt cumann eile agus ar ndóigh beidh fáilte roimh chách. Tchífidh tú an mana ‘ó neart go neart’ le linn na seachtaine mar is é sin téama na bliana seo de thairbhe “go bhfuil an teanga ar fáil go flúirseach ar fud na hollscoile,” dar leis an Chumann Gaelach.

Dé Luain

Cuirfear tús le hÉigse na Tríonóide leis an bhricfeasta saor in aisce a bheas ar fáil i Seomra na Gaeilge ar a 10:00. Tamall beag ina dhiaidh sin beidh an t-imeacht ‘Gairmeacha le Gaeilge’ ar siúl i Mol an tSeomra Fada ar 12:00. Má chuirtear áit in áirithe don imeacht seo beidh seans ag daoine labhairt le céimithe de chuid an Chólaiste agus soláithraithe chúrsaí iarchéime faoin dóigh le ‘gairm le Gaeilge a ghnóthú’ – agus beidh bia saor in aisce ar fáil freisin! Beidh seoladh oifigiúil na hÉigse ann ar 18:30 i Seomra na Gaeilge.

ADVERTISEMENT

Dé Máirt

Trathnóna Dé Máirt beidh aifreann i nGaeilge ann i Séipéal na Tríonóide ag 13:00. Ná caill amach ar oíche cheoil den scoth ó na Trinitones agus Tradsoc, chomh maith le filíocht REIC mar chuid den Cheardlann Cultúrtha ar 19:00 san Atrium.

Dé Céadaoin

Cuir tús ceart leis an lá le comhluadar Gaelach agus téigh chuig an ‘Pop-Up Gaeltacht’ atá a reáchtáil ag Oifig na Gaeilge agus an Scéim Chónaithe sa Bhutrach ar 10:30 go dtí 12:00. Ansin gabh suas staighre chuig Seomra na Gaeilge le hAnraith agus Arán a bheith agat saor in aisce mar is ghnáth ar a 13:00. Díreach ina dhiaidh sin ar 14:00 i Seomra na Gaeilge beidh deis ann páirt a ghlacadh sa chéad ‘Ealú na hÉigse’. Cómortas bunaithe ar ‘Jailbreak’ atá ann, an t-imeacht tiomsaithe airgid is mó a reáchtálaíonn mic léinn in Éirinn. San imeacht seo, caithfear na leideanna a réiteach chun áit runda ar champas a bhaint amach. Má chaill tú na ranganna toilithe a bhí ar siúl sa chólaiste i rith an chéad téarma beidh rang ar siúl i Seomra na Gaeilge ar 17:00.

Déardaoin

Má tá suim agat san ealaín bí ag an Champanile ar a 13:00 chun páirt a ghlacadh sa turas ealaíne atá á reáchtáil ag Oifig na Gaeilge. Nó más fearr leat do chuid scileanna spórt a léiriú beidh comórtas ‘Poc Fada’ ar siúl ar an pháirc chruicéid ar 13:00pm. Beidh seo faoi stiúr ag Cumann Luthchleas Gael na Tríonóide. Beidh Urnaí na Nóna ar siúl i Séipéal na Tríonóide ag 17:15. Ar oíche Dhéardaoin bí cinnte go bhfuil tú i gClub an Chonartha ar 19:00 faoi choinne oíche áirneáil le ‘Seo na gCumann’ ina mbeidh na Cumainn Ghaelacha éagsúla uilig le chéile. Má tá fonn ort amhrán a rá, píosa ceoil a sheinm nó más rud rud é gur tusa an chéad ‘Yeats’ eile, thig leat clárú roimh ré nó ar an oíche í féin, agus tá duais den scoth geallta don bhuaiteoir.

Dé hAoine

Le deireadh a chur le hÉigse na Tríonóide beidh ‘Céardlann Culturtha’ ar siúl sa seomra Domhanda i gcomhpháirt le ‘TCDSU Students with Disabilities,’ ina mbeidh seirbhísí ISL ar fáil.

I mbliana beidh ‘Dúshlán na hÉigse’ ar siúl arís i rith na hÉigse le pointí ann do gach imeacht agus duaiseanna ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar an mhéid is mó imeachtaí. Mar sin, bí cinnte go mbíonn tú páirteach sa réimse mór imeachtaí atá ar siúl le linn na seachtainne leis an Ghaeilge a chothú agus a neartú sa choláiste.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.