News
Mar 4, 2020

Aitheantas do Chúrsaí Gaeilge Ó Chomhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha

Cuireadh agallamh ar Cinn na Roinne agus Léachtóirí na n-Ollscoileanna le heolas a chur ar fáil faoi na cúrsaí atá á thairiscint.

Jennifer Ní ChiaraScríbhneoir Cúnta
blank
Sinéad Baker for The University Times

Tá aitheantas á thabhairt ag Comhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha (IUA) ar chúrsaí ardoideachas Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

I bpreasráiteas, rinne Comhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha cur síos ar na cursaí Gaeilge atá ar fáil in ollscoileanna na hÉireann.

Dírítear aird ar chúrsaí chun “an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge a spreagadh agus a mhúineadh.”

ADVERTISEMENT

Is cumann iad Comhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha, a thuairiscíonn ar son na seacht n-ollscoileanna na hÉireann leis an stáit. Tacaíonn siad le forbairt an ardoideachais agus an ról a bhíonn aige sa tsochaí agus geilleagar.

Chomh maith leis sin, aibhsíonn siad na scileanna praiticiúla a bhaineann le cúrsaí Gaeilge mar aon le haitheantas a thabhairt ar “iarrachtaí na hollscoileanna an Ghaeilge a chur chun cinn.”

Cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge, ní hamháin toisc gur seachtain na Gaeilge atá ann, ach toisc go mbeidh an Ghaeilge “mar theanga iomlán oibre san Aontas Eorpach ag tús 2022”, dar leo. Ó thaobh an ardoideachais de, tá sé tábhachtach an bhéim seo a leagadh chun go mbeadh daoine cáilithe leis an nGaeilge, ábalta dul isteach sa lucht oibre.

Cuireadh agallamh ar cinn na roinne agus léachtóirí chun “an tábhacht a bhaineann le cáilíochtaí tríú léibhéil a phlé”. Is liosta le háireamh iad na cúrsaí Gaeilge atá ar fáil sna healaíona, dlí, na meáin, polaitíocht, múinteoireacht agus iriseoireacht.

Luaitear ceithre chéim B.A i Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Éireann, Gaillimh, Coláiste na Tríonóide agus Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath mar aon leis an iliomad cúrsaí in Ollscoil Luimnigh. Tá máistreacht sa Dlí agus sa Ghaeilge á thairiscinti gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. I dtaca sin, déantar tagairt do chúrsa in Ollscoil Mhá Nuad a fhreastalaíonn ar chuile mac léinn a thugann an deis an Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a dhéanamh mar chuid den chúrsa.

Le déanaí, d’fhógair Ollscoil Éireann, Gaillimh clár nua Máistreachta san Iriseoireacht agus Cumarsáid Spóirt, le modúl Gaeilge ar fáil sa chúrsa.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.