News
Mar 28, 2020

Cúrsa Nua i Múineadh na Gaeilge Ar Líne in Ollscoil Mhá Nuad

Díreoidh an Teastas i Múineadh na Gaeilge ar an aosoideachas agus ar fhoghlaimeoirí fásta.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge
blank
William Murphy

Cuirfear tús le cúrsa nua i múineadh na Gaeilge ar líne in Ollscoil Mhá Nuad an bhliain acadúil seo chugainn.

Díreoidh Teastas i Múineadh na Gaeilge ar an aosoideachas agus conas teagasc a chur ar fhoghlaimeoirí fásta.

Múinfear ranganna ar an dea-chleachtas i múineadh teangacha, ar mhodheolaíochtaí teagaisc agus ar scileanna praiticiúla don seomra ranga le linn an chúrsa.

ADVERTISEMENT

Úsáidfear cruinnithe agus ceardlanna mar chuid den chúrsa. Beidh ar rannpháirtithe 40 uair an chloig de chleachtadh teagaisc i suíomh aosoideachais a chomhlíonadh freisin.

Dála an tsuímh idirlín, tá an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd atá ag múineadh na teanga do dhaoine fásta. Chomh maith leis sin, tá an cúrsa oiriúnach dóibh siúd “nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí agus dóibh siúd atá ag múineadh na teanga le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna.”

Cúrsa páirtaimseartha atá i gceist le Teastas i Múineadh na Gaeilge a thosóidh i Mí Mhéan Fómhair i mbliana agus a chríochnóidh i Meitheamh na bliana seo chugainn. Bronnfar teastas ollscoile (leibhéal 6) orthu siúd a éiríonn leo sa chúrsa.

Measfar iarrthóirí don chúsa le scrúdú scríofa, le béalscrúdú agus le hagallamh. Beidh costas €400 ar an gcúrsa.

An Meán Fómhair seo caite, thuairiscigh an nuachtán seo go gcuirfidh an rialtas deontas €1,000 ar fáil do mhic léinn a raibh staidéar a dhéanamh acu ar mhúinteoireacht bunscoile trí Ghaeilge in Institiúid Marino. Gheall an Roinn Oideachais €5 milliún chun deis a thabhairt do 150 mac léinn clárú don chúrsa thar ocht mbliana.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.