Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 15, 2020

Éacht Déanta ag an gColáiste le Ceist an Choróinvíris – Ach Dúshláin Le Sárú

Is beag cinnteacht atá bainteach leis an gColáiste sa ré seo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an coróinvíreas tar éis gach rud a bhí ar eolas againn faoin gColáiste a athrú. Bhí trí rud cinnte do mhic léinn tráth dá raibh: bás, léachtanna, agus scrúduithe. Ní léir fós má bheidh seo an cás.

Tá cur chuige cróga léirithe ag an gColáiste i leith chás dodhéanta go dtí seo, ag dúnadh an choláiste go tapaidh agus gan morán moille. Bhí ceann stuama ag an gColáiste nuair a thuairiscigh siad an chéad chás den víreas ar 5ú Márta, agus ba dheas an rud é gur aisíoc siad mic léinn a bhí ina gcónaí ar champas ach a bhí ag iarraidh filleadh ar an mbaile.

Bhí seasamh ceannasach ag an rialtas maidir le coláistí: má scaipeann an phaindéim ar fud na tíre, ní bheidh an lucht ar choláistí na hÉireann.

ADVERTISEMENT

Ach is iomaí constaic atá roimh an gColáiste anois. Ní dócha go mbeidh an Coláiste in ann – nó ceadaithe – athoscailt ag an am sin. Tá Bál na Tríonóide le tarlú ar 17ú Aibreán. Shílfeá gur smaoineamh seafóideach é sin anois. Goillfidh an cealú ar sparán an Choláiste.

Mar a thuairiscigh an University Times inniu, tá cáintí intuigthe ag an gCeardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU) maidir leis an mbrú atá an Coláiste ag cur ar fhoireann glantúcháin agus lónadóireachta bheith ag obair – ceist gnó eile a mbeidh an Coláiste ag streachtailt léi.

Is mian leis an gColáiste teasc ar líne a úsáid in ionad léachtanna agus ranganna, ach an mbeidh sé indéanta léachtóirí seanfhaiseanta a athrú ina dteicnifiligh? Beidh dúshlán mhór roimh seirbhísí theicneolaíocht faisnéise sna seachtain atá le teacht.

Agus dá mba rud é nach raibh teagasc ar líne dúshlánach go leor, beidh scrúduithe ar líne níos achrannaí fós. Úsáidfear measúnaithe ar líne seachas scrúduithe ach ní léir cad go díreach a bheidh i gceist leo. Conas a chuirfidh an Coláiste stop le caimiléireacht? Cén chaoi ar féidir le mic léinn staidéar a dhéanamh dóibh má tá an leabharlann dúnta?

Bhí rath ar an gColáiste go dtí seo in áit nach rabhamar riamh cheana, ach tá fadhbanna atá beagnach dosháraithe os a chomhair. Níl éinne ag súil le réitigh láithreach bonn, ach ní féidir leis an gColáiste bheith ag moilleadóireacht. Is ré an aisteach ar fad í seo agus ní mór don Choláiste bheith misniúil ina leith.