Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 9, 2020

Nimh ag Baint le Cogaíocht Chultúrtha an Burkean, Gríosaithe ag Ionadaí USI

Is deacar a chreidiúint go raibh leas-cheannaire USI chomh sásta ainmneacha mac léinn a thabhairt chuig eagraíocht anaithnid a bhí ag iarriadh iad a ‘bhualadh’.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Níl aon rud nua i gceist le cogaí cultúrtha maidir le heagraíochtaí frithfhaisistí – is gné mhór iad de Mheiriceá faoi Trump agus le troill anaithnide ar Twitter á spreagadh, nocht siad an scoilt atá le feiceáil sa tsochaí faoi láthair.

Ach ní raibh siad i láthair i sochaí na hÉireann ar chor ar bith go dtí seo.

An tseachtain seo, tá seans ann gur tháinig athrú ar chúrsaí. Chuir an Burkean, foilseachán coimeádach ar cáineadh anuraidh maidir le halt faoin eoiginic a fhoilsiú, tús le “tionscnamh imscrúdaitheach fadtéarmach” – inar phearsanaigh siad grúpa frithfhaisistí – le cúisimh go bhfuil comhcheilig ón eite clé i lár shochaí na hÉireann.

ADVERTISEMENT

Do fhormhór an phobail, is seasamh simplí – agus neamhúdchóideach – é a bheith i do fhrithfhaisistí. Ach i gcásanna áirithe, spreagtha ag na meáin, tá suntas nua glactha aige – mar fheachtas a dhéanann iarracht deireadh a chur le smaointí coimeádacha, dar le roinnt. Is difríocht shainmhínitheach atá ann le cumas nimhneach – is crann taca de chuid tuairisceoireacht an Burkean atá ann.

Rugadh ar Michelle Byrne, an leas-uachtarán d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) i sáinn.

Tá droch-chlú tarraingthe ar Byrne anois. Agus í gríosaithe ag ceisteanna treoraithe, bhí an chuma ar an scéal gur thacaigh sí le gníomhartha – docsáil agus náiriú poiblí – i gcoinne mac léinn a bhfuil seasamh polaitiúil de chuid na heite deise acu.

Chomh maith leis sin, d’aontaigh sí chun sonraí mic léinn a thabhairt don ghrúpa go rúnda – gan mhórán fianaise ar chlaonadh faisisteach na mac léinn, gan fiú ainm iomlán an ghlaothóra rúnda a lorg.

Tá sé deacar a chreidiúint go raibh Byrne – an leas-uachtarán in eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar 374,000 mac léinn – chomh sásta ainmneacha na mac léinn a thabhairt go dtí eagraíocht anaithnid a bhí ag iarraidh iad a “bhualadh”.

Baineann a cuid focal go mór ó USI, eagraíocht a bhíonn ar an taobh ceart den stair ar an móriomlán, in ainneoin a laigeachtaí – ag tacú le comhionnanas pósta agus le haisghair sular tháinig na fadhbanna seo chun cinn sa pholaitíocht.

Ag deireadh na dála, tugann gníomharthai Byrne poiblíocht don Burkean – foilseachán atá riartha ag feachtasóirí anaithnide gan mhórán inchreidteachta – chun polaitíocht an easaontais a spreagadh i measc na mac léinn.