Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 9, 2020

Tá Cíos sna Coláistí Nimhneach Anois – Cáil na n-Ollscoileanna i mBaol

Ghlac ceannairí ollscoile le seasamh neamhleithscéalach maidir le harduithe cíosa conspóideacha.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí a lán plé sna meáin náisiúnta i rith na seachtaine mar gheall ar shocruithe atá tar éis bheith beartaithe in ollscoileanna ar fud na tíre chun costais lóistín ar-champas a ardú go suntasach agus bhí caint freisin faoi fhrithghníomhú mic léinn mar fhreagra ar na harduithe seo.

D’fhógair seacht as ocht n-ollscoil de chuid in Éireann go mbeadh a bpraghsanna ag ardú faoi idir trí agus ceithre faoin gcéad, sin é an t-uasmhéid atá ceadaithe faoi reachtaíocht zóin brú cíosa.

Mar a bheifeá ag súil leis, thaispeáin mic léinn go raibh alltacht orthu trí agóidí, codladh lasmuigh agus slógaí a eagrú. Ach bhí sé aisteach go leor nach raibh roinnt de cheannairí na n-ollscoileanna báúil le cás na mic léinn, agus gur ghlac siad seasamh neamhleithscéalach i leith cursaí.

ADVERTISEMENT

Dúirt Uachtarán an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) go raibh freagra na mac léinn in aghaidh na harduithe “mothúchánach”, agus dúirt an Propast Patrick Prendergast nach féidir le daltaí a chonaíonn ar-champus bheith ag súil gur féidir le mic léinn atá ag fáil tithe ar cíos ar an margadh príobháideach an costas a sheasamh.

Caithfeá an cheist a chur, cén fáth go bhfuil ceannairí ollscoile éiginnte faoin ndroch-chlú a thagann ó agódóirí ag déanamh ruathar ar fhoirgnimh na gcoláistí agus ag labhairt leis na meáin náisiúnta faoin slí nach bhfuil sé ar acmhainn acu fanacht san oideachas?

“Dúshaothraithe”, “nimhneach”, “neamh-inrochtanna” – seo na focail a úsáideadh lá amháin chun cur síos a dhéanamh ar an lóistín príobháideach a chuireann comhlachtaí atá bunaithe ar bhrabús a dhéanamh, ach anois is iad na focail céanna atá in úsáid le cur síos ar thithíocht ar-champus.

Léireoidh Deeks agus Prendergast go bhfuil ag éileamh ag breith bairr ar sholáthar le haghaidh lóistin ar-champas – in ainneoin na gcostas ollmhór – ach ní fheidhmíonn rátaí iarratas mar léiriú ar shásúlacht mac léinn. Tá seans ann go leanfaidh mic léinn ag cur isteach iarratais le haghaidh seomraí de bharr riachtanais, agus ag an am céanna, go dtacóidh siad le haontais mac léinn atá ag tabhairt gealltanais go dtroidfidh siad i gcoinne na harduithe cíosa go dtí go ndéanfaidh na hollscoileanna athcinneadh.

Tá na coláistí docht daingean agus iad ag rá go bhfuil na harduithe ar phraghasanna riachtanach chun an soláthar lóistín a mhéadú, agus tá seans ann go bhfuil sé seo fíor mar thoradh ar an ngéarchéim maoinithe. Ach fad is go leanfaidh siad orthu ag déanamh neamhaird ar fhearg na mac léinn faoin scéal, is fada a mhairfidh na heasaontais idir oifigigh na n-ollscoileanna agus ionadaithe na gcumann, agus is measa a bheidh an dochar cáile.