Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 27, 2020

I dTríú-Leibhéal, Údar Imní é Bagairt ón bPropast. Ní Dócha go n-Éisteofar Leis

An tseachtain seo bhagair Propast Patrick Prendergast go bhféadfadh an Coláiste €120 milliún a chailliúint mar gheall ar an bpaindéim choróinvíris.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Táimid anois sa séú seachtain de dhianghlasáil náisúnta, agus tá sé ag éirí níos deacra neamhaird a dhéanamh den ghéarchéim eacnamaíochta a bhí ann mar thoradh ar an bpaindéim seo.

Bíonn rabhaidh gruama beagnach gach lá ó shaineolaí éigin faoi na baoil ata i ndán don gheilleagar, agus an nádúr géar a bhainfidh leis an titim atá romhainn.

Is léir go bhfuil geallsealbhóirí an ardoideachais scanraithe – agus is doiligh an locht a chur orthu.

ADVERTISEMENT

Sular tháinig an víreas chun cinn, d’éirigh iad siúd i lár an aonaigh tríú-leibhéil níos trodaí maidir le héileamh do mhaoiniú ón stát. Mhol Propast Patrick Prendergast – go conspóideach agus d’aon ghnó – líon na mac léinn Éireannach a thagann go dtí Coláiste na Tríonóide a ghearradh.

Ach fiú amháin i “ré na síochána”, roimh an olltoghchán, níor éirigh le hachainíocha fhíochmhara chun an t-ardoideachas a chur ar chlár oibre na bpolaiteoirí. Bhí iomaíocht ghéar ann do gach colún, agus ní raibh deathoradh ag an díospóireacht a reáchtáladh ar mhaithe le maoiniu ardoideachais a phlé.

Anois, le spealadh domhanda ag réabadh inár dtreo, tá na tróip chéanna ag tarlú arís.

An tseachtain seo, bhagair Prendergast san Irish Times go bhféadfadh an Coláiste €120 milliún a chailliúnt de dheasca na paindéime, agus ghlaoigh sé ar an rialtas a lámh a chur ina phócaí chun laghdú a dhéanamh ar an díth maoinithe.

Is í an argóint chéanna atá á déanamh ag na hollscoileanna céanna ó anuraidh. An difríocht atá ann anois ná go bhfuil baol níos mó ann, agus ní dócha go mbeidh polaiteoirí fáilteach ina leith.

Fiú muna bhfuil Fine Gael nó Fianna Fáil bainteach leis an gcéad rialtas eile (cás neamhdhóchúil), is doiligh aon chás a fheiceáil ina bheidh maoiniú ardoideachais mar thosaíocht rialtais. Fiú gan géarchéim eacnamaíochta in Éirinn, ní thugtar tús áite d’ollscoileanna maidir le maoiniú agus is iad a bhíonn chun tosaigh ar an mblocán gearrtha nuair a thagann ciorruithe chun cinn.

Mar sin, cé go raibh géire ag baint le rabhadh Prendergast – agus ar cóir scéin a chur ar thír atá bródúil as an ngeilleagar léinn – braitheann sé amhail is go bhfuil an Propast ag screadaíl sa bhearna.