News
Apr 24, 2020

Próiseas Iarratais Athraithe ag Scéim Chónaithe Choláiste na Tríonóide

Ní bheidh an Oifig Iostais in ann spás sa scéim chónaithe nó dáta bogtha isteach a dheimhniú go dtí go bhfuil níos mó sonraí faoin mbliain acadúil acu.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Reáchtálfar an próiseas iarratais do scéim chónaithe Choláiste na Tríonóide ar líne i mbliana de dheasca an choróinvíris. Beidh ar iarrthóirí foirm iarratais a sheoladh go digiteach, agus, má éiríonn leo, agallamh a dhéanamh ar líne.

Cuireann an scéim chónaithe deontas de luach €1,000 ar fáil do mhic léinn a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar champas.

Chomh maith leis sin, beidh “moill” ar an Oifig Iostais iarratais a phróiseáil de bharr an choróinvíris, de réir shuíomh idirlín na scéime.

ADVERTISEMENT

Lean an ráiteas ar an suíomh idirlín ar aghaidh: “Ní bheidh an oifig in ann spás i lóistín na hollscoile ná dáta bogtha isteach a dheimhniú go dtí níos déanaí ná mar is gnáth agus go mbeidh níos mó eolais ar fáil maidir le dátaí na bliana acadúla nua agus cén uair a chuirfear tús le ranganna.”

I ráiteas ríomhphoist go dtí an University Times, dúirt Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach na Gaeilge do Choláiste na Tríonóide: “De bharr na srianta a bhaineann leis an gcoróinvíreas COVID-19, reáchtálfar agallaimh na scéime cónaithe ar líne i mbliana. Tá sábháilteacht na mac léinn agus na foirne fíorthábhachtach agus meastar go mbeifear in ann mic léinn a mheas ar bhonn chomhchosúil le blianta roimhe seo trí agallaimh a reáchtáil ar líne le haghaidh áite ar an scéim.”

Bronntar an deontas ar 12 mac léinn – ón dara bliain ar aghaidh – do scéim chónaithe an champais. Tá sé spás do mhic léinn sa dara bliain don scéim chónaithe i Halla na Tríonóide freisin.

Bíonn ar mhic léinn ar an scéim chónaithe an Ghaeilge a labhairt i gcónaí agus iad in árasán na scéime. Freastalaíonn siad ar chruinnithe a eagraíonn Oifigeach na Gaeilge i rith na bliana freisin.

Is é an 13ú Bealtaine an spriocdháta le haghaidh iarratas don scéim chónaithe.

An tSamhain seo caite, d’eagraigh dream ó scéim chónaithe Choláiste na Tríonóide cuairt ó Diyu Wu, an réalta ón ngearrscannán Yu Ming is Ainm Dom.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.