Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 6, 2020

Cén Fáth a Bhfuil an Propast Ciúin Faoi Athruithe Bord le Tionchar ar Neamhspleáchais?

Is ball é Patrick Prendergast de ghrúpa oibre a mhol athruithe a bhí ina údar imní do mhórán daoine maidir le neamhspleáchas an Choláiste.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Le blianta beaga anuas, nuair a labhraíonn Propast Patrick Prendergast leis na meáin, díríonn sé ar fhadhb amháin: maoiniú.

Ní nach ionadh: do tríú-leibhéal, is é easpa maoinithe an ollphéist ag deireadh na leapa – agus sna míonna deireanacha, le géarchéim eacnamaíochta ag teannadh linn, tá maoiniú ón stát á éileamh ag Prendergast.

Ach dóibh siúd a bhfuil aire á tabhairt acu, tá insint chaolchúiseach, thánaisteach i gcaint Prendergast – neamhspleáchas. I dtaispeántais sna meáin a eagraíodh chun maoiniú tríú-leibhéil a phlé, is annamh a chailleann an Propast an deis an argóint a dhéanamh go bhfeidhmíonn ollscoileanna i mbarr a réime nuair atá siad saor ó bhrú ón stát.

ADVERTISEMENT

Ar an gcéad dul síos, ní haon iontas é muinín Prendergast i luach an neamhspleáchais: chuir iarrachtaí ón stáit chun sárú ar a limistéar.

Ach sa Choláiste, Is ball é Patrick Prendergast de ghrúpa oibre a mhol athruithe móra sa chaoi ar feidhmíonn an Coláiste – athruithe bhí ina údar imní do bhaill an Bhoird mar bhagairt ar a neamhspleáchas.

Ní haon rún é go bhfuil an rialtas – agus an t-Údarás um Ardoideachais – ag iarraidh níos mó smachta thar ollscoileanna. Ón samhradh seo caite, bhí reachtaíocht a thabharfadh cumhachtaí nua don stát agus a athródh an próiseas riaracháin i gcoláistí.

Tá ról Prendergast sna forbairtí seo níos deacra le léamh, áfach.

An tSamhain seo caite, d’iarr an Coláiste ar an rialtas comhoibriú a dhéanamh leo, agus níos mó ama a thabhairt dóibh na hathruithe a mhol an stáit chuir i bhfeidhm. Ag an am, bhraith seo mar straitéis moilleadóireachta: cuir bac ar an rialtas, agus déan iarracht an damáiste a laghdú.

Ach tá na beartais ar diúltaigh an Bord an tseachtain seo caite – a chuirfeadh le líon na mball seachtrach agus plean teibí chun méid an Bhoird a laghdú – thar a bheith cosúil leo siúd a bhí ina údar imní an samhradh seo caite.

Beag beann ar do smaointí faoin gcumas atá ag baill agus neart an Bhoird, tá an chosúlacht ann gur scríobh an rialtas na moltaí.

Cé go bhfuil Prendergast tar éis na buntáistí a bhaineann le neamhspleáchas an Choláiste a phlé, tá an chuma ar an scéal nár sheas sé an fód go príobháideach i gcoinne moltaí a mbeadh ina bagairt.