News
May 20, 2020

Gan Athrú ar Líon na n-Iarratas don Scéim Chónaithe in Ainneoin na Paindéime

Cuireadh 74 iarratas isteach ar an scéim chónaithe i mbliana.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge
blank
Sinéad Baker for The University Times

Níl aon athrú tar éis teacht ar líon na n-iarratas don scéim chónaithe i mbliana, de réir figiúirí a taispeánadh don University Times.

Cuireadh 74 iarratas isteach ar an scéim i mbliana. Fuair Oifig na Gaeilge 80 iarratas don scéim anuraidh. Anuas ar sin, cuireadh 71 iarratas isteach ar an scéim an bhliain roimhe sin.

I ráiteas ríomhphoist go dtí an University Times, dúirt Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach na Gaeilge don Choláiste, go raibh sí “an-sásta, leis an méid atá ag titim amach faoi láthair, go bhfuil líon ard mac léinn tar éis spéis a léiriú sa scéim don chéad bhliain acadúil eile”.

ADVERTISEMENT

Cuireann Oifig na Gaeilge 18 spás ar fáil ar an scéim chónaithe – ar champas agus i Halla na Tríonóide – do mhic léinn a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa Choláiste. Anuraidh, d’eagraigh dream ón scéim cuairt ó Diyu Wu, an réalta iomráiteach ón ngearrscannán Yu Ming Is Ainm Dom.

D’fhógair an Oifig Iostais inniu nach mbeidís in ann a insint do mhic léinn a chur iarratas isteach do lóistín ar champas don bhliain acadúil seo chugainn go ceann i bhfad mar gheall ar an éiginnteacht a bhaineann leis an gcoróinvíreas.

Dála an ríomhphoist a seoladh ar maidin, tá an Coláiste ag plé le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ionas gur féidir scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm i lóistín na mac léinn.

Cúpla seachtain ó shin, thuairiscigh an nuachtán seo gur athraíodh an próiseas iarratais don scéim i mbliana, de dheasca an choróinvíris. Bhí ar an gCumann Gaelach toghchán ar líne a dhéanamh mar gheall ar an bpaindéim freisin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.