News
May 22, 2020

Plé Cuimsitheach ag an bPróiseas Comhairliúcháin do Pholasaí Gaeilge Nua TCDSU

Pléadh na laigeachtaí a bhí ag an seanpholasaí Gaeilge TCDSU ag an gcruinniú.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir na Gaeilge
blank
Alex Connolly for The University Times

Pléadh laigeachtaí an tseanpholasaí Gaeilge agus na sonraí is tábhachtaí ar cóir go mbeidh sa pholasaí Gaeilge nua ag an bpróiséas comhairliúcháin don pholasaí Gaeilge nua d’Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) aréir.

Reáchtáladh an próiseas comhairliúcháin thar Microsoft Teams. Bhí Eoin Hand, Uachtarán nuathofa TCDSU, agus Philly Holmes, an t-Oifigeach Cumarsáide agus Margaíochta nuathofa i láthair ag an gcruinniú. Bhí Ciara Ní Mhurchú, reachtaire nua an Chumainn Ghaelaigh, agus Daniel O’Reilly, an tionólaí do Dhámh Eolaíochta, Matamaitice agus Innealtóireachta don aontas, i láthair ag an gcruinniú freisin.

Ag labhairt ag an gcruinniú, dúirt Muireann Nic Corcráin, Oifigeach na Gaeilge TCDSU don bhliain seo chaite, go raibh an polasaí Gaeilge a bhí ann as Béarla amháin, go raibh sé “as dáta” agus “ó sheanbhunreacht”. “Níl sé seo maith go leor”, a dúirt sí.

ADVERTISEMENT

I dréacht den pholasaí a taispeánadh don University Times, aidhm amháin atá ag an bpolasaí ná go mbeidh cáipéisí agus doiciméid an aontais ar fáil as Gaeilge.

Táthar ag súil leis go mbeifear in ann níos mó Gaeilge a úsáid “sna feachtais agus ag imeachtaí TCDSU.”

Cuid eile den pholasaí ná go scríobhfar na rúin do chomhairle TCDSU as Gaeilge agus as Béarla agus go mbeidh gá an Ghaeilge a labhairt uair amháin ar a laghad ag gach cruinniú.

Luaitear úsáid a bhaint as postaeir agus fógraí dátheangacha ar chláir fógraí an aontais, an oiread agus is féidir sa dréacht. Ach dúirt Holmes go mbeidh deacrachtaí ann má tá orthu méid an téacs a dhúbailt ar phostaeir.

Chomh maith leis sin, luann an dréacht go “spreagfar úsáid níos leithne don Ghaeilge i bhfoilseacháin an Choláiste”, an University Times san áireamh.

I mí Aibreáin, vótáil ionadaithe ranga i bhfábhar an pholasaí nua don Ghaeilge san aontas.

Toghadh Gretchen Ganly mar Oifigeach na Gaeilge don bhliain seo chugainn.

Is iomaí dul chun cinn atá déanta ag an lucht léinn agus cearta teanga á lorg acu i mbliana. I mí Feabhra, thuairiscigh an nuachtán seo go raibh an deis anois ag mic léinn sa Choláiste síneadh fada a chur ar a n-ainmneacha.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.