Comment & Analysis
Eagarfhocal
May 11, 2020

Tá Soiléireacht Ardteiste Againn – Teastaíonn Cinnteacht ó Mhic Léinn Anois

Ní mór don Choláiste beartais ar leith a thabhairt isteach dóibh siúd a beidh sa chéad bhliain – agus cumarsáid thapaidh agus éifeachtach a dhéanamh leo.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

I ndiaidh míonna de éiginnteacht maidir le cinniúint na hardteiste, tháinig nuacht chun cinn an tseachtain seo go gcuirfear na scrúduithe ar athlá, agus gráid tomhaiste ina n-áit.

Bhí díospóireacht fhairsing ann maidir le fiúntais an chinnte, ach tá comhaontú ann gurb é soiléireacht an rud is tábhachtaí, agus tá sin againn anois. Is féidir le mic léinn agus a dteaghlaigh a bheith ag pleanáil don tríú-leibhéal.

Agus, cé go bhfuil a lán ceisteanna ann maidir leis an tionchar a bheidh ag gráid tomhaiste, anois, táimid san áit ina gcuireann coláistí beartais in áit faoi conas agus cathain a osclaíonn siad – agus é sin uile a chur in iúl do mhic léinn.

ADVERTISEMENT

Níl sé ráite ag an gColáiste cathain a bheidh mic léinn in ann filleadh ar a gcuid staidéir – codarsnacht le hollscoileanna eile, atá tar éis dátaí tosaithe a lua do na freisir nua. Maidir le lóistín, tá an fhadhb níos casta fós: is doiligh Halla na Tríonóide a shamhlú sa chaoi ina raibh sé cheana féin, le 1,000 mac léinn ó ar fud an domhain in ionad cónaithe beag go leor.

Tá céim éiginnteachta intuigthe, agus bheifeá ag súil leis sin ón gColáiste – táimid ag maireachtáil tríd géarchéim gan fasach, agus beidh mic léinn ag tosú i gcoláistí go hiomlán éagsúil óna bhí ann roimhe seo.

Ach anois níos mó ná riamh, tá cinnteacht – don lá inniu agus sa todhchaí – ag teastáil ó mhic léinn, agus eolas soiléir a ligfidh dóibh na céimeanna eile a phleanáil. Ciallaíonn seo go bhfuil ar an gColáiste eolas a chur ar fáil ar bhealach soiléir agus tráthúil – agus gan, mar shampla, splanc maidir le ranganna ar líne a fhágáil i lár fhíseán.

Is gá do bhaill foirne agus do mhic léinn a bheith ar an eolas ar na forbairtí uilig atá ag teacht chun cinn – agus caithfidh siad bheith eolach fúthu a luaithe agus is féidir. Ní mór don Choláiste plean oibre a fhorbairt a léireóidh conas agus cathain a fhillfidh mic léinn ar champas, agus ní mór don Choláiste an t-eolas seo a chur in iúl go héifeachtach.

Má athraíonn na beartais seo le moltaí sláinte phoiblí idir an dá linn, bíodh amhlaidh, ach le haghaidh mic léinn, tá an iomarca i mbaol le maithiúnas a thabhairt do straitéis cumarsáide leisciúil.