Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 15, 2020

Ar Cóir Imní a Bheith ar Choláistí Faoi Rialtas ar Féidir Rangú a Úsáid ina gCoinne?

Bhí páirtíthe léasmhara an ardoideachais ciúin an tseachtain seo i ndiaidh na nuachta gur ardaigh cúig as seach ollscoil in Éirinn sna rangú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Cúig mhí ó shin, dá gcloisfeadh na hoifigigh shinsearacha de chuid Choláiste na Tríonóide go mbeadh ardú sa rangú de seacht n-áit i ndán don Choláiste faoi mhí Mheitheamh, ní chreidfidís thú ar chor ar bith.

An uair sin, bhí an comhrá go léir ag leibhéal an Choláiste faoin tábhacht a bhí ann stráitéisí inoibrithe – fiú dá mbeidís costasach– a chur i bhfeidhm, ionas go n-athródh an scéal a bhí ann faoi rangú agus chun a thuilleadh dochair de chlú an Choláiste a sheachaint.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh comhráite cosúil leis seo – ach b’fhéidir gan a bheith chomh géar – ar siúl in ollscoileanna eile – fógraíodh a lán pleananna stráitéiseacha ag tús 2020 agus iad go léir níos uaillmhianaí ná a chéile.

ADVERTISEMENT

Agus ag Rangú na n-Ollscoileanna Domhanda QS na seachtaine seo – inar ardaigh rangú seacht n-ollscoil Éireannacha – is léir go bhfuil rath ar leith ag baint le pleananna na n-ollscoileanna. Cé go bhfuil an nuacht maolaithe de bharr paindéim an choróinvíris agus an gealltanas go mbeidh deacrachtaí airgeadais romhainn, is bua é seo tar éis titim ollmhór na bliana seo caite sa rangú, agus an domhainmhachnamh ar fad a lean sin.

Ach tá ciúnas ón dtríú-leibhéal i rith na seachtaine suaithinseach. D’fhan an Propast Patrick Prendergast – fear a bhí gafa ón tús le fiúntais agus easnaimh an rangú – go hiomlán ina thost ar Twitter, agus bhí ollscoileanna eile níos ciúine ná mar a bheifeá ag súil leis chomh maith.

B’fhéidir go bhfuil sé seo de bharr nach fios an bhfuil feabhas sa rangú do leas nó d’aimhleas. Ní minic go mbíonn an rialtas ar chomhthuiscint leis na hinstitiúidí tríú-leibhéal i dtreo an rangú, agus le cúlú eacnamaíochta ag teacht, tá seans dáiríre ann go n-úsáidfidh an stát seasamh níos folláine na n-ollscoileanna chun an argóint a dhéanamh nach bhfuil gá le hinfheistiú ó ré na paindéime.

Ach leis an ngéarghá atá ann le haghaidh maoiniú san earnáil, tá seans go bhfuil an t-ardú seo níos mó de bhac ná de chúnamh.

Is maith an scéalaí an aimsir agus ní fios conas go n-éireoidh le hollscoileanna san cúlú eacnamaíochta atá romhainn. Ach tá an cuma ar an scéal do ollscoileanna go ndéanfaidh an t-ardú sa rangú seo níos mó dochair ná maitheasa.