Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 8, 2020

Lorgaíonn Tríú-Leibhéal Aire Rialtais – Agus Rannpháirtíocht

D'éiligh na mílte ón lucht léinn go mbunófar roinn ardoideachais agus taighde.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An Samhradh seo caite, nuair a mhol Fianna Fáil go mbunófar roinn nua don ardoideachas agus taighde, bhí freagra measctha ann.

Is cinnte go raibh rud éigin sa smaoineamh, an cineál mothúcháin a bhí ann, i rith ghéarchéim maoinithe a mhair do na blianta agus rialtas nach raibh buairt ar bith orthu faoi.

Údar imní a bhí ann do roinnt, áfach. Seans go mbeidh níos mó airde, agus maoiniú ag baint le hoifig dírithe ar an ardoideachas, ach tá baoill ann go mbeidh ar ollscoileanna géilleadh lena gcuid neamhspleáchais – acmhainn luachmhar san earnáil seo.

ADVERTISEMENT

Bliain níos déanaí, tá athrú tar éis teacht ar an stíl inste ó pháirtithe leasmhara an ardoideachais – faoi na fadhbanna a bhaineann leis an tríú-leibhéil, agus an coincheap go mbeidh roinn rialtais i gceannas ar. Cé go raibh drogall ar ollscoileanna a gcuid fadhbanna a chur in iúl tráth, anois tá siad ag fógairt rabhadh go rialta, agus ag tabhairt amach don rialtas mar gheall ar an easpa gníomhaíochta atá déanta acu.

Oireann an chaint seo faoi roinn ardoideachais don chaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair, le paindéim atá ag scriosadh cúrsaí airgid na n-ollscoileanna agus Roinn Oideachais nach dtuigeann an phráinn a bhaineann leis an ngéarchéim seo. (Mar shampla, nocht an nuachtán seo gur féidir leis an gColáiste bheith bancbhriste i Meán Fómhair 2021)

Tá ollscoileanna tar éis glacadh leis an bhfírinne: nach bhfuil aon tábhacht ag baint lena n-iarrachtaí stocaireachta. Is éard atá i gceist leis an modh smaointeoireachta ná go mbeidh guth láidir ag aire lánaimseartha – seachas Aire stáit, a bhí i seilbh Mary Mitchell O’Connor ó 2017 ar aghaidh.

Is léir go n-aontaíonn Propast Patrick Prendergast, an Léachtóir Sinsearach Kevin Mitchell agus beagnach 2,000 ball eile den lucht léinn leis an modh smaointeoireachta seo, agus is doiligh argóint ina choinne. Ach léiríonn sé géilliúlacht agus lagmhisneach i measc ollscoileanna – catalaíoch don athrú in Éirinn, agus cuid riachtanach d’ár ngeilleagar – glacadh lena ról ar imeall na díospóireachta.

Ní dócha go mbeidh Roinn um Ardoideachais agus Taighde ina réiteach draíochta – nó aon rud gar dó – don tríú-leibhéil. Ach, do ollscoileanna ar an ngannchuid, ní féidir le cúrsaí éirí níos measa.