Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 22, 2020

Praiseach Go bhFéadfadh, agus Ba Cheart don Choláiste a Sheachaint

I ndiaidh laethanta de mhearbhall, chualamar faoi dheireadh go mbeadh teacht ag Scoláirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath ar lóistín saor in aisce.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

An cheist mhór atá ar bhéal an bhreathnóra neodraigh, tar éis scannal lóistín na seachtaine – ina raibh achrann poiblí idir an Coláiste agus a Scoláirí – ná: cathain ar tharla easaontas chomh Tríonóideach?

Ó thús go deireadh, léirigh an t-achrann cumas an Choláiste scigaithris a dhéanamh ar féin – bhí débhríocht, uafás agus rún i gceist a d’fhág na daoine ag ceistiú cén fáth gur tharla an t-easaontas ar an gcéad dul síos.

Mar is eol dúinn anois, beidh teacht ag Scoláirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliaith ar áit i lóistín na Tríonóide – pribhléid a chuirtear ar fáil i reachtanna an Choláiste.

ADVERTISEMENT

In ionad an lóistín a shéanadh acu, dúirt an Propast Patrick Prendergast Déardaoin seo caite go n-iarrfar orthu an áit atá acu a ghéilleadh.

Tháinig soiléiriú Prendergast mar fhaoiseamh díobh sin go mbaineann sé leo, ó tharla go raibh scéal difriúil i gceist ón teachtaireacht a fuair siad ón Tríonóid dhá lá roimhe sin.

Ansin, chuir an Coláiste na Scoláirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath ar an eolas nach bhfaighidís tairiscint sa chéad bhabhta. Bhí an chuma ar an scéal nach bhfaigheadh roinnt Scoláirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath an seomra go rabhadar ag súil leis.

In ainneoin do dhearcadh ar an slí ina gcuirtear Schols ar bun, agus fiú más dóigh leat gur ceart go mbeadh lóistín saor in aise ar fáil do Scoláirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath gan choinníoll, an príomhphointe atá i gceist leis seo ná gur tharla cumarsáid doiléir agus go raibh ar Scoláirí dul i ngleic le cinneadh ina raibh an Coláiste ag teacht salach ar a reachtanna féin.

Ar deireadh thiar, cogadh na sifíní a bhí i gceist le haghaidh Scoláirí – ní chaillfidh siad amach ar lóistín sa bhliain atá romhainn. Ach tháinig iarrachtaí na Tríonóide an achrann a réiteach i bhfad Éireann ró-dhéanach.

Don chuid is mó, chuir an eachtra uile béim arís ar líon na bhfadhbanna atá ann maidir le Scols, agus caitheadh go leor nimhe leis an 160 Scoláire a bhí i gcoinne chéad theachtaireacht na Tríonóide.

Tuigtear cén fáth gur chuir freagra na Scoláirí déistin ar dhaoine: fad is atáimid i lár paindéime, ní hé lóistín daoine a bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath an cloch is mó ar phaidrín mórán.

Ach don Tríonóid, praiseach phoiblí a bhí ann a bheadh inseachanta le cumarsáid níos fearr. Fadhb coitianta, an ea?