Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 21, 2020

Níl Cur Cuige an Rialtais i dTreo na hArdteiste Sásúil

Insíodh do dhaltaí Ardteiste an tseachtain seo go n-eiseofar na torthaí mí níos déanaí ná mar is gnách.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo cuireadh in iúl do dhaltaí ardteiste go mbeidh a gcuid torthaí ar fáil ar 7ú Meán Fómhair le tairscintí CAO ar fáil ceithre lá níos déanaí- beagnach mí tar éis an ghnáth lá i lár Mí Lúnasa.

Do go leor daoine, ní raibh ach sa mhoill seo ach buille eile marfach dóibh tar éis samhraidh lán le hábhair dhíomá. Dhearbhaigh mí-eagair na dtorthaí áfach, go bhfuil freagra corrach ag an Roinn Oideachais le linn na paindéime.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil cúinsí scrúdaithe i mbliana neamhghnách, ach chúisigh an cinneadh chun torthaí tuartha a úsáid in áit measúnaithe scríofa neart mór neamhchinnteachta agus imní do dhaltaí.

ADVERTISEMENT

Anois, tá orthu siúd atá ag bogadh ón mbaile don choláiste aghaidh a thabhairt ar an dúshlán lóistín a fháil laistigh de chúpla seachtain- éiríonn an fhadhb níos measa le heaspa cinnteachta maidir le cé mhéid ama go díreach a chaithfidh mic léinn ar champas.

Den chuid is mó, chothaigh meastacháin na n-ollscoileanna níos mó ceisteanna ná freagraí.

Chaith an Roinn Oideachais an hata leis na háimhréidheanna: an tseachtain seo, dúirt an tAire Oideachais Norma Foley ar chlár RTÉ Raidió a hAon, Morning Ireland, go mbeidh sé mar fhreagracht ar ollscoileanna cinneadh a dhéanamh ar chóir léachtanna a chur siar chun freastal ar an gcéad bhliain.

Cé go ndúirt sí go dtuigeann sí go bhfuil daltaí Ardteiste in “am le hard-imní”, ar deireadh thiar, beidh sé mar fhreagracht institúidí tríú-leibhéal.

Tar éis praiseach le míonna anuas, níl freagra an rialtais maith go leor agus sin sin. Tá sé deacair tósú ar an gcoláiste mar is gnách- gan trácht i lár paindéime. Ní chóir go mbeidh an rialtas á fhágáil d’ollscoileanna chun gach rud a chur ina cheart.

Tá neart le macnamh a dhéanamh air ag mic léinn céad bliana: ar chóir dóibh torthaí agus tairscintí CAO a ghlacadh nó achainí a dhéanamh agus na scrúdaithe a shuí níos déanaí sa bhliain- agus cá háit ina gcónóidh siad má fhreastlaíonn siad ar an gcoláiste.

Níl aon amhras ach go mbeidh iliomad dúshláin agus deacrachtaí do mhic léinn céad bliana. Níl freagra an rialtais go dtí seo thar mholadh beirte.