Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 6, 2020

Tá Laethanta Crua Os Comhair an Choláiste. Tá Oscailteacht De Dhíth

Ar 20 Meitheamh, chuir an Coiste Scoláirí ceist ar Scoláirí lonnaithe i mBaile Átha Cliath a lóistín a fhorghéilleadh

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, thug An University Times tuairisc gur ghríosaigh an coiste Scoláirí na Scoláirí lonnaithe i mBaile Átha Cliath a lóistín ar champas a shéanadh chun cuidiú le cúrsaí airgeadais na Trionóide.

I ríomhphost a seoladh chuig gach Scoláire, shoiléirigh an coiste gur mheas an Coláiste i leith go bhfuil lóistín ar champas mar spreagadh do mhic léinn neamh-AE chun freastal ar an Tríonóid. Dá shéanfaidís an lóistín chuideofar le cúrsaí airgeadais an choláiste.

I dtuairim an choiste, bhí an Coláiste ag iarriadh ar Scoláirí lonnaithe i mBaile Átha Cliath an lóistín a shéanadh le cúrsaí airgid ar intinn acu- rud atá intuigthe. Beidh cíos, i dtaca le táillí mic léinn, riachtanach chun go bhfanfaidh an Coláiste os cionn a chumas.

ADVERTISEMENT

Seachas na toscaí airgeadais seo a luath áfach, d’áitigh an coláiste go seasta gurb iad cúinsí sláinte poiblí mar chúis leis an mian do Scoláirí Bhaile Átha Cliath fanacht sa bhaile, ag rá nach raibh airgeadas mar spreagadh agus go gcúiteofar na Scoláirí le suim airgid seachas lóistín.

Ach níl an Coláiste tar éis míniú ceart a thabhairt ar conas go bhfuil sé níos sábháilte do mhic léinn lasmuigh den phríomhchathar a bheith ar champas in ionad iad siúd gurb as Baile Átha Cliath iad. Maraon leis sin, tá an Trionóid ag ofráil €2,215 in áit lóistíne a bhíonn ar costas €8,300 in aghaidh na bliana. Choigleodh an Coláiste líon suntasach airgid trí mhic léinn a íocfaidh do lóistín a ionadú in áit na Scoláirí.

Is léir go raibh an cinneadh ceist a chur ar Scoláirí Bhaile Átha Cliaith a lóistín a fhorghéilleadh níos casta ná mar a dúradh cheana.

Tá laethanta crua ó thaobh an airgeadais de os comhair na Trionóide. Beidh na mic léinn agus foireann an choláiste thíos leis. Níl meisce ná mire ar éinne faoi sin. Is gá go dtuigfidh an Trionóid é sin.

Tá an Propast tar éis a bheith macánta leis an rialtas maidir leis an riachtanas do phlean maoiniúcháin. Tá sé in am go n-ofráltar rud cosúil leis do phobal na Trionóide.

Tríd iarracht an dubh a chur ina geal ar mhic léinn agus foireann an choláiste, níl ach go súilfear go scaipfidh soiniciúlacht ina measc.