Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 12, 2020

D’fheidhmiú Rialacha Córóinvíris ar Champas Tá Gá le Guth Mhic Léinn

D’fhoilsigh an rialtas treoirlínte sláinte phoiblí d’ollscoileanna ag athoscailt san Fhómhair.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo d’fhoilsigh an rialtas ceann de na cáipéisí is tábhachtaí don bhliain atá le teacht do mhic léinn trasna na tíre: na treoirlínte d’athoscailt agus reatha campais le linn na paindéime córóinvíris.

Ar deireadh -tar éis míonna gan tuairim- tugadh soiléireacht do mhic léinn maidir le cad go bhfeicfidh an Coláiste cosúil le dóibh, ó thaobh a saolta acadúla agus pearsanta.

Bhí na treoirlínte – a scríobh saineolaithe sláinte phoiblí- leathan. In ainneoinn a bheith doiléir ó am go ham, níl mórán ann ag daoine gearán a dhéanamh fúthú.

ADVERTISEMENT

Mar sin féin, in ainneoinn go bhfuil an t-ábhar inghlactha, níor lorgaíodh aon chomhairle ar chor a bith ó mhic léinn le linn forbartha agus foilsithe na treoirlínte. D’fhéadfadh cur isteach ar mhic léinn agus tá sé de cheart acu a bheith.

Mar shampla, fuair Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) na treoirlínte an lá sular eisíodh iad, gan mórán ama a thabhairt dóibh tuiscint a fháil orthu sular seoladh iad don phobal agus do mhic léinn ceisteacha.

Beidh iarmhairtí ollmhóra ag na treoirlínte ar mhic léinn, agus ba chóir gur tugadh ar a laghad níos mó ná lá amháin d’ionadaithe na mac léinn iad a léamh roimh fhoilsitheoireacht.

Tá a fhios ag an saol nach bhfuil mic léinn mar na daoine is fearr chun chur le castachtaí eolaíochta sna treoirlínte seo a cumadh do choláistí. Ní chiallaíonn sé seo, áfach, nuair thagann sé go dtí cúrsaí praiticiúla, nach bhfuil dearcadh mac léinn cabhrach do shaineolaithe sláinte phoiblí nach dtuigeann mórán maidir le saol laethúil an mhic léinn.

Tharraing na treoirlínte neart ceisteanna deacra anuas do mhic léinn. Más gá do mhic léinn mascanna a chaitheamh go laethúil, mar shampla, conas a n-íocfaidís astu? Níl mascanna saor agus ní bheidh airgead ó phoist samhraidh i dtaisce ag mhic léinn chun cabhrú leo i mbliana.  Tá na rialacha ó thaobh lóistín de sriantach agus beidh orthu a bheidh curtha i bhfeidhm i slí eolach chun a chinntiú go leanann na mic léinn iad.

Is gá do choláistí an dearcadh atá ag mic léinn a fháil ar conas na treoirlínte a chur i bhfeidhm i mbealach réasúnta agus praiticiúil. Muna dtéann na hollscoileanna i dteagmháil le mic léinn, d’fhéadfadh neart rialacha a bheith againn, ach gan a dóthain daoine ábalta iad a leanúint.