Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 18, 2020

Le Pleananna Sábháilteachta ní Chóir go mBeidh Mic Léinn PhD mar ‘Athsmaoineamh’

Rinne mic léinn PhD gearán an tseachtain seo maidir le heaspa cumarsáide ón gcoláiste ó thaobh na hathoscailte de.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bíonn mic léinn PhD de shíor ag léiriú a fhrustrachais leis an gColáiste i leith a easpa cumarsáide leo, agus is léir nár fheabhasaigh an phaindéim cúrsaí.

Thuairiscigh The University Times an tseachtain seo gur fágadh mic léinn PhD dall maidir le pleananna athoscailte an Choláiste i Mí Meán Fómhair. Arís eile, tá an cuma ar an scéal, go bhfuil cúis láidir frustrachais acu- b’fhéidir fiú níos mó ná aon bhliain eile.

I ndeireadh na dála, is mic léinn PhD is mó a bheidh thíos leis an obair atá i gceist leis na pleannanna sábháilteachta nua a chur i bhfeidhm. Le béim ar ranganna teagascacha agus saothaorlainne seachas léachtanna is iad na mic léinn PhD a bheidh ar an líne tosaigh.

ADVERTISEMENT

Léirigh an Trionóid a cumas dul i gcomhairle le grúpaí cheana féin le linn na dianghlasa- mar a rinneadh le fochéimithe i leith scrúduithe, mar shampla- agus ní chóir go mbeadh na pleannana sábháilteachta difriúil. Ina theannta sin, más mic léinn PhD a bheidh an mhéid is mó taithí acu ag múineadh i ranganna beaga, cinnte dhéanfadh sé ciall go n-éistfí lena dtuairimí.

Cé is moite de sin, chuir mic léinn PhD a n-imní in iúl maidir le heaspa cumarsáide ginearálta ón gColáiste ar cad go díreach iad na pleananna do mhúineadh na bliana atá le teacht- gan trácht ionchur a bheith acu ar cheapadh na pleananna sin.

Ní chóir go mbeidh ar mhic léinn PhD braith ar na meáin shóisialta le hagaidh eolais maidir le dátaí athoscailte- ba chóir go gcuirfeadh an Trionóid é in iúl dóibh go soiléir. Tá sé deacair an easpa cumarsáide seo idir fostóir agus fostaí a shamhlú in aon earnáil eile.

I dtaca sin, braitheann mic léinn PhD go bhfuil ganntanas tréanála acu don bhliain seo chugainn, ach go háirithe conas go mbeidh orthu na rialacha nua, ar nós caitheamh éigeantach mascanna,  a chur i bhfeidhm. Má tá an Coláiste chun athoscailt go sábháilte an bhliain seo, is gá go mbeidh mic léinn PhD feistithe leis na huirlísí agus faisnéisí cearta.

Mar a d’inis mac léinn PhD amháin don nuachatán seo, tá níos fearr tuillte ag na mic léinn PhD ná a bheith caite leo mar “athsmaoineamh”. Tá mic léinn PhD cheana féin tar éis a chuir suas le neamhchinnteacht íocaíochta agus fostaíochta – níl pleannanna sábháilteachta na seachtaine seo ach comhartha den díobháil measa don ghrúpa mac léinn seo.