Comment & Analysis
Editorial
Sep 21, 2020

An Raibh Teagasc ar Champas i gCónaí ina Aisling?

D’fhógair an IUA an tseachtain seo go mbeidh ranganna atá le bheith á mhúineadh go pearsanta amháin ag fanacht ar champas.

By The Editorial Board

Dúirt fear seanchríonna tráth: “Níl sé cad nach bhfuil ar eolas agat a fhaigheann tú i dtrioblóid. Séard atá ar eolas agat go cinnte a fhaigheann”.

Ghlac páirtithe leasmhara ardoideachais leis an locht daonna seo le cúpla mí, go mbeidh filleadh ar champas agus roinnt teagaisc aghaidh ar aghaidh féideartha. I gcúpla lá, áfach, d’athraigh gach rud. Go tobann tháinig na fadhbanna suntasacha le hathoscailt chun cinn.

Fad agus a labhair ollscoileanna faoi ranganna níos lú, scaradh sóisialta, stáisiúin sláintíochta, glanadh na ndeasc, ollphubal sa Chearnóg Nua, aeráil níos fearr, cosc ar aíonna i lóistín agus clúdaigh aghaidh, thosaigh líon na gcásanna i mBaile Átha Cliath ag ardú go mall – le foláireamh suimiúil go raibh fórmhór na gcásanna i measc ógánaigh – cinnte ina chomhartha rabhaidh mhóir do choláistí a bhí beartaithe athoscailt.

ADVERTISEMENT

Lena linn seo i Meiriceá, bhí saineolaithe sláinte ag cur ollscoileanna i gcomparáid le longanna cúrsála ar thalamh, toisc gur ardaigh líon na gcásanna ar champas go dtí 90,000 fud fad na tíre – d’imigh an córóinvíreas as smacht. Bhí coláistí ag déanamh a míle ndícheall chun srian a chur ar na ráigeanna ba mheasa, ach fiú in ollscoileanna ina raibh tástáil forleathan agus ionsaitheach acu, bhí an víreas forleathan.

Tá an chosúlacht ar an scéal nach raibh mic léinn Meiriceánacha ag leanúint na rialacha. Ní fiú srianta agus rialacha a bheith ann muna thugann a dóthain daoine aird orthu. Cén fáth gur cheap ollscoileanna go mbeadh scéal difriúil ann le mic léinn Éireannacha?

Ach fós, in Éirinn, lig ollscoileanna orthu go mbeidh teagasc agahaidh ar aghaidh féideartha, ag ligeadh do mhic léinn na mílte euro an duine a threabhadh isteach i lóistín a, go réalaíoch, nach mbeidh ag teastáil uathu – agus ag creidiúnt go mbeidh an coláiste i bhfad níos mó normálta ná mar a bheidh sé.

Tá sé soiléir, bunaithe ar na treochtaí seo i Meiriceá agus lom na fírinne go bhfuilimid ag druidim i dtreo an gheimhridh nuair a bheidh gach éinne greamaithe laistigh gan mórán aerála, go bhfanfaidh na cúrsaí ar fad nach bhfuil orthu a bheith ar champas ar líne.

Gheall coláistí trasna na hÉireann an-iomarca maidir le teagasc pearsanta, agus thugadar neamhaird ar na comharthaí rabhaidh a tháinig chun cinn le linn an tsamhraidh. Tá sé in am dóibh na hathruithe seo a ghlacadh agus stop a chur le caomhnú ar na rudaí a bhí acu roimhe. Ar a laghad, sula dtagann vacsaín ar an bhfód.