Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 16, 2020

Bhain an CSC an bonn ó Bhunreacht mar Choincheap Agus – de Réir sin – é Féin

Trí mhoill a chur ar a thoghchán bliantúil, sháraigh an CSC a bhunreacht le sé mhí anuas.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Níos luaithe an tseachtain seo nuair a thuairiscigh an nuachtán gur dhiúltaigh Lárchoiste na gCumman (CSC) gur sháraigh sé a bhunreacht féin, in ainneoin pleananna chun toghcháin a reachtáil dá feidhmeannach sé mhí déanach, ní raibh móran ráite faoi.

Ar ndóigh, ní hé CGB an CSC – nó a easpa – an rud is tábhachtaí ag tárlú ar domhan anois. Ach is rud contúirteach é ag úsáid an phandéim mar leithscéal gan riachtanas bunreachtúil a leanúint, go háirithe nuair a d’fhéadfadh an CGB a bheith chomh furasta sin a dhéanamh ar líne.

Tá an CSC ar cheann de chomhlachtaí ceannacha an Choláiste, in éineacht le hAontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), Lár-Chlub Lúthchleas Ollscoil Bhaile Átha Cliath (DUCAC), Foilseacháin na Tríonóide agus Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU). Dá ndéanfadh an TCDSU an cleas céanna faoi scáth an leanúnachais, bheadh ​​– mar is ceart – corraíl ollmhór. Ba cheart go mbeadh an CSC á choinneáil ag na caighdeáin chéanna.

ADVERTISEMENT

Is é fírinne an scéil nach seasann aon cheann d’argóintí an CSC maidir le moill a chur ar a CGB. Dá mbeadh leanúnachas ina saincheist arbh fhiú CGB a chur ar ceal, cén fáth go raibh ar an oiread sin gnáthchumainn CGBanna a reáchtáil? Ina theannta sin, tá roinnt baill foirne lánaimseartha sa CSC a d’fhéadfadh a bheith cinnte go raibh siad réidh le haon saincheisteanna leanúnachais a thiocfadh chun cinn. Agus cén fáth nach bhféadfadh an coiste reatha comhairlea thabhirt don cheann nua – a toghadh go daonlathach?

Dá dtoghfadh an CSC an coiste i mí an Mhárta mar a bhí orthu, bheadh ​​sé mhí caite aige oiliúint a chur ar an gcoiste nua le go mbeifidís in ann déileáil leis na saincheisteanna uathúla uile a bheidh le sárú ag cumainn i mbliana. Anois, nuair a tharlaíonn – nó má tharlaíonn toghcháin, caithfear an coiste nua sa bhearna baoil, agus é ag déileáil le fadhbanna ón gcéad lá gan an tréimhse “socrú isteach” a bheadh ​​curtha ar fáil ag an samhradh.

Cinnte, tá rudaí níos tábhachtaí ag dul ar aghaidh i láthair na huaire. Ach bhain an CSC – a cumadh chun saoil na gcumann a rialú – an bonn a bhaint de chroí gach cumann: a bhunreacht. Le sárú bunreachtúil – agus gan náire , tharis sin – leagtar fasach contúirteach faoin gcaoi ar féidir an coróinvíreas a úsáid mar leithscéal chun na rialacha a lúbadh.