News
Sep 14, 2020

Easpa Gaeilge Ar Chomharthaí an Choláiste Le Ceartú

Tá comharthaí ar na haonaid sláintíochta nua le ceartú ag an Tríonóid chun go ngéillfidís le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

Jennifer Ní ChiaraEAGARTHÓIR NA GAEILGE
blank
Alex Connolly for The University Times

Tá comharthaí ar na haonaid sláintíochta nua le ceartú ag an gColáiste ionas go gcloíonn siad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.

An tseachtain ar Twitter seo léiríodh nach raibh na treoracha ar na stáisiún sláintíochta nua ar champas Choláiste na Tríonóide as Gaeilge, ach i mBéarla amháin. Téann sé seo i gcoinne Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a shonraíonn go mba chóir go mbeidh comharthaí nó fógrán de chuid comhlachtaí poiblí i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Bhí Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh i gColáiste na Tríonóide, Ciara Ní Mhurchú tapaidh chun labhairt faoi ar Twitter ag rá “níl sé ceart go leor” mar fhreagra ar an ngiolc.

ADVERTISEMENT

Chuir an Cumann Gaelach Oifig na Gaeilge ar an eolas agus rinne Oifig na Gaeilge teagmháil le hOifig na nEastát agus na Saoráidí chun go mbeidh na stáisiúin sláintíochta “i gcomhréir leis na rialacháin a thagann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003”.

I ráiteas ríomhphost chuig an University Times dúirt Oifigeach na Gaeilge na Tríonóide, Áine Ní Shúilleabháin, go bhfuil “aistriúchán curtha ar fáil ag an Oifig seo agus tá obair ar bun chun an téacs a uasdátú. Táthar ag súil go mbeidh sé seo curtha i gcrích sna seachtainí romhainn agus faoi thús na bliana acadúla ar an 28 Meán Fómhair. Táthar buíoch d’Oifig na nEastát agus na Saoraídí as a gcuid comhoibrithe maidir leis seo”.

I ráiteas ríomhphoist chuig an University Times, dúirt Ní Mhurchú go mba “chóir go mbeadh chuile chomhartha ar an gcampas dátheangach, is cuma cé chomh gearr nó cé chomh beag. Is cuid lárnach í an Ghaeilge den saol ar champas agus níl sé maith go leor í a fhágáil ar lár. Níl aon leithscéal ann”.

Chinntigh Ní Shúilleabháin ina ráiteas freisin, go raibh Oifig na nEastát agus Saoráidí “ag obair leis an Oifig Míchumais chomh maith chun a chinntiú go mbeidh na stáisiúin inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí sa bhliain romhainn”.

Thuairiscigh an nuachtán seo maidir torthaí tuairsce an Choimisnéara Teanga inar nochtaíodh go raibh ollscoileanna na hÉireann ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla toisc nach raibh ach 53 faoin gcéad de chomharthaí na n-ollscoileanna i nGaeilge. Ní raibh an Tríonóid mar chuid den tuairisc sin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.