Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 16, 2020

Is gá go mBeadh Rialacha Coróinvíris do Chónaitheoirí Docht agus Rí-Shoiléir

Chuir an Tríonóid iontas ar dhaoine an tseachtain seo nuair a fógraíodh dá sárófaí rialacha córóinvíris i lóistín ar champas go bhfhéadfadh ceadúnas cónaithe an mhic léinn a chúlghairm.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ar an gcéad amharc, is cosúil go bhfuil a bheith caite as campas toisc briseadh rialacha in áit atá, ag deireadh an lae, mar bhaile mhic léinn don bhliain, iomarcach. Ag breathnú trasna an locháin, áfach, léirítear nach bhfuil an cinneadh chomh dian sin. Mar shampla, tá mic léinn in Northeastern University i mBostún, á dhíbirt toisc gur bhriseadar rialacha chun cosc a chuir ar an gcóróinvíreas.

Beidh níos lú saoirse acu siúd atá ina gcónaí ar champas leis na beartais i gcompráid leo siúd nach bhfuil ar champas. Is é fírinne an scéil, áfach, ná go bhfuil an Tríonóid i mbaol a bheith ina mias petri don choróinvíreas mar gheall ar a suíomh- is gá na rialacha a chuir i coróinvíris bhfeidhm.

Ní hionann gach sárú. Is bealach mhaith é chun píonóis a chur ar sháraithe cás ar chás, nuair a airítear an difríocht suntasach idir cóisir le daichead daoine i láthair agus lánúin. Ba chóir go ligfeadh sé seo le haghaidh solúbachta agus leibhéil éagsúla píonóis.

ADVERTISEMENT

Feicimid linn conas go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm. Mar shampla, an gcaithfear le mic léinn idirnáisiúnta mar an gcéanna le mic léinn inmheánacha leis na píonóis seo nó an mbeidh an Coláiste níos boige orthu?

Tá baol ann freisin, leis na rialacha seo, nach dtiocfaidh mic léinn chun cinn le siomptóim más gá dóibh a rá cé a bhíodar i dteagmháil le ar champas agus beidh siad ag iarraidh a rá gur bhriseadar na rialacha a sheachaint má tá na pionóis ró-dhian. D’fhéadfadh sé seo níos mó dochar ná maitheas a dhéanamh le haghaidh rianú teagmhálaithe agus srianadh an víris.

Mar sin, d’ainneoinn le cúnamh Dé clóifidh mic léinn leis na rialacha agus ní bheidh aon ghá aon bheartais ghéar a chuir i bhfeidhm, is ceart go ndeireann an Coláiste le mic léinn cad a bheidh inghlactha an bhliain seo.

Toisc go bhfuil an rialtas ag tacú le rialacha agus rialacháin ar chruinnithe daoine, bheadh sé mífhreagrach ó thaobh an Choláiste de gan na beartais ghéara seo a chuir i bhfeidhm. Thairis sin, toisc go bhfuil an píonós dian go leor, níl aon dabht ann ach go gcuirfeadh sé bac ar mhic léinn cóisir ar champas a bheith acu atá go huile agus go hiomlán do-ghlactha le linn paindéime. Ba chóir don – le cúnamh Dé – chúpla mac léinn a chuireann daoine eile i mbaol íoc as a ngníomhartha.