Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 1, 2020

Tá an Trionóid Lárnach san Imdhíoneolaíocht. Is gá di dul i gCeannas ar Thástáil

An tseachtain seo, mhol imdhíoneolaí na Trionóide Luke O’Neill don Choláiste tosú ar thástáil don fhoireann agus do mhic léinn dhá uair sa tseachtain.

Leis an mBord Eagarthóireachta

In agallamh le The University Times níos luaithe an tseachtain seo, mhol imdhíoneolaí na Trionóide Luke O’Neill go mba chóir don Choláiste tástáil a dhéanamh ar an bhfoireann agus na mic léinn ar fad don chóróinvíreas dhá uair sa tseachtain. Guth muinteartha agus suaimhnithe le linn na paindéime, dhearbhaigh O’Neill go bhfuil tástáil rialta mar an mbealach is fearr chun an tseans ráigeanna ar champas a laghdú.

Dár ndóigh, ní eolas nua atá ann go bhfuil tástáil rialta mar an slí is fearr chun smacht a fháil ar an víreas agus a chinntiú go n-íoslaghdófar tarchur an víris, go háirithe toisc an chuid aisiomptómach den ghalar.

Ghlac an Coláiste céimeanna cheana féin chun a chinntiú go bhfuil fáil ag mic léinn agus an fhoireann ar áiseanna tástála- ar nós na háiseanna tástála córóinvíris ar láthair atá le hoscailt roimh thús an chéad téarma agus na seomraí aonraithe atá ar fáil i bhfoirgimh na Trionóide d’fhoireann agus mic léinn a fhorbraíonn siomptóim ar champas.

ADVERTISEMENT

Dúirt David McGrath, stiúrathóir ar Sheirbhís Sláinte an Choláiste, leis an nuachtán seo go mbeadh áiseanna tástála in ann “chomh fada agus is féidir laghdú ar fhorbairt braislí laistigh den Choláiste go háirithe le lóistín mic léinn”.

Áfach, ní úsáidfear na háiseanna tástála ar champas ach le haghaidh mic léinn a léiríonn comharthaí an víris. D’fhéadfadh go gcuirfeadh mic léinn aisiomptómacha an víreas ar aghaidh i ngan fhios dóibh. Mar a dúirt McGrath, tá an fhreagracht ar mhic léinn gan an pobal a ionfhabhtú, ach ní féidir leo réamhchúramaí a ghlacadh muna bhfuil a fhios acu an bhfuil siad ionfhabhtaithe.

Nochtaigh tuairisc Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann a seoladh an tseachtain seo caite, go raibh Éire sa chéad áit ar domhan le haghaidh taighde imdhíoneolaíochta in 2019. Leis an Trionóid measta mar lár na taighde ar imdhíoneolaíocht in Éirinn, níl easpa comhairle shaineolach ann chun treoir a lorg maidir le stráitéis tástála agus srianadh do champas an bhliain seo chugainn.

Chuir an Trionóid sláinte phoiblí ar dtús nuair a ghalcadar an cinneadh dúnadh roimh na hollscoileanna eile nuair a thosaigh an córóinvíreas ag teacht ar an bhfóid in Éirinn Márta seo caite. Tá láthair tástála ar champas agus áiseanna aonraithe iontach mar na céad céimeanna chun a chinntiú go mbeidh campas in ann oscailt go sábháilte. Má tá an Coláiste áfach, ag iarraidh a leanúint a bheith chun tosaigh le treoirlínte sláinte ollscoile, is gá go mbeadh breis machnaimh ar thástáil don fhoireann agus do na mic léinn ar fad, ní amháin iad siúd le comharthaí an víris.