Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 6, 2020

Ghéill an Hist do Bhrú, ag Casadh ar Shaoirse Cainte

An domhnach seo caite, tharraing an Hist cuireadh siar do Richard Dawkins chun labhairt leis an gcumann.

Leis an mBord Eagarthóireachta

In 2017, nuair a cáineadh Cumann Stairiúil an Choláiste (an Hist) le haghaidh cuireadh a thabhairt don iarcheannaire ar Pháirtí Neamhspleáchais an Ríocht Aontaithe Nigel Farage chun labhairt leis an gcumann, chosain an Bord Eagarthóireachta seo an cuireadh, ach ag rá nár chóir go dtabharfar an Bonn Órga do Ionchur Suntasach sa Díospóireacht Phoiblí dó – ag cur san áireamh an ról atá aige ag scaipeadh na seineafóibe agus bréaga faoin Aontas Eorpach sa Bhreatain.

Bheadh cosc a chur ar Farage teacht agus labhairt mar chinsireacht amach is amach, agus chuirfeadh sé leis an tróp go bhfuil mic léinn ina “nimhneacháin”.

Lean Reachtaire an Hist ag an am, Paul Molloy, an cur chuige seo – ach ní gan dua. Cháin mic léinn, baill an Hist agus iar bhaill móra le rá an chumainn é go binbeach. Coicís roimh CGB an Hist, sheas Molloy síos, ag lua toscaí pearsanata mar an chúis.

ADVERTISEMENT

Ó shin i leith, bhain líomhaintí ciníochais agus gnéasachais ó bhaill croitheadh as cumainn an GMB.

Nuair a bheartaigh Reachtaire an Hist Bríd O’Donnell cuireadh an chumainn don Ollamh Richard Dawkins a tharraingt siar an tseachtain seo caite, bhí sé seo, i dtaca le cuimhneacháin ar an eachtra le Farage, cinnte ar intinn aici.

Bhain an deargbhuile maidir le ciseach Farage a fheidhm amach: chinntigh sé go bhfuil cinsireacht ar ghuthanna conspóideacha anois inghlactha. Ghéill cumann a raibh meas acu tráth ar dhíospóireacht oscailte do bhrú, ag tiontú ar chuid lárnach de chumann díospóireachta ar bith: saoirse cainte.

Is cuma má nó muna aontaíonn tú le hOllamh Richard Dawkins – go deimhin, síleann an Bord Eagarthóireachta seo go bhfuil roinnt dá ráitis scriosach, mar bhí i gcás Farage. Ach ní hé feidhm cumann díospóireachta ná a mbaill a chosaint dá “gcompord”, rud atá ráite ag Ó’Donnell, atá mar phríomh aidhm an chumainn i láthair na huaire.

Anois an t-am don Hist plé a dhéanamh ar cad go díreach é a ról ar champas, toisc – chomh fada agus a chiúnaíonn sé guthanna a chuireann míchompord orthu – ní féidir leo a rá gur cumann díospóireachta atá ann. Is cumann atá ann áit is féidir le daoine leis an dearcadh céanna éisteacht le cainteoirí nach gceistíonn a dtuairimí.

Más é sin todhchaí an chumainn is sine ar domhain, mar sin atá. Creideann an Bord Eagarthóireachta seo go n-íslíonn sé seo caighdeán cumainn a bhí dáiríre tráth dá raibh – ina bhféadfadh smaointí maithe an lámh in uachtar a fháil ar dhrochsmaointí.