Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 23, 2020

Is gá don Choláiste Obair le Mic Léinn má tá Rialacha Diana i Hallaí Uathu

Labhair mic léinn an tseachtain seo faoin atmaisféar scanrúil i Hallaí na Tri ndiaidh na paindéime coronavirus.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo, labhair ochtar mac léinn le The University Times faoi chultúr imeaglaithe agus eagla i Halla na Tríonóide le linn na paindéime coróinvíris. Tá mic léinn ag tabhairt aghaidh ar dhíshealbhú agus ar bhagairtí fíneálacha ar fiú na céadta euro iad má bhriseann siad rialacha dochta an ionaid, rud a fhágann go mbíonn eagla ar na cónaitheoirí, gan aon fháilte rompu agus ag mothú ar nós go bhfuil siad i “bpríosún”.

Níl aon duine ag séanadh go bhfuil gá le rialacha agus rialacháin riachtanach, in ionad ina bhfuil mic léinn céadbhliana ann den chuid is mó le linn paindéime. Is léir go bhfuil ag cur sláinte an phobail i mbaol mícheart, agus caithfidh an Tríonóid a bheith cúramach chun na géarchéimeanna sláinte phoiblí atá ollscoileanna i Meiriceá agus sa Ríocht Aontaithe ag deileáil leo a sheachaint.

Ach de bharr dianrialúchán an Choláiste tá cónaitheoirí ag mothú comhthíoch agus scoite – ag laghdú a dtoilteanas cloí le dianrialacha an ionaid.

ADVERTISEMENT

Rud amháin is ea rialacha draganta a thabhairt isteach, ach is rud eile é sin a dhéanamh gan freastal ar an tionchar sóisialta dosheachanta abhaineann leis na rialacha sin. Más mian le Coláiste na Tríonóide cultúr a chruthú ina gcloíonn cónaitheoirí go toilteanach leis na rialacha, caithfidh sí a bheith feasach ar an uaigneas, an scoiteacht agus an eagla a bheidh roimh formhór na mac léinn a fhanfaidh san ionad ina dhiaidh sin.

Is féidir leis an gcéad bhliain a bheith uaigneach agus scanrúil fiú nuair atá saol normálta ann- ach faoi cheangal a n-árasán, gan ach léachtaí ar líne chun an lae a bhriseadh agus an bhagairt uilechumhachtach a bhaineann le fíneálacha móra do mhionghníomhartha ag crochadh os a gcomhair, tá freshers níos aonraí ná riamh.

Ag déanamh breithiúnais ó na hagallaimh le cónaitheoirí Hallaí, is léir nach bhfuil pleanáil leordhóthanach déanta ag an gColáiste le haghaidh tionchair na rialachán sriantacha choróinvíris ar shláinte mheabhrach na mac léinn.

D’iarr an Bord Eagarthóireachta seo ar an gColáiste roimhe seo comhbhá a thaispeáint do chónaitheoirí i measc na paindéime – más mian leis a chinntiú go gcomhlíonann cónaitheoirí a rialacha, tá sé seo ríthábhachtach.

Má leanann leis an easpa tuisceana ar fholláin mheabhrach na mac léinn agus má leanann leanbú cónaitheoirí trí bhagairtí araíonacha ar aistí agus fíneálacha aisteacha, beidh rialacha diana Hallaí ina gcomharthaí follasacha gur theip ar an gColáiste teagmháil a dhéanamh lena mhic léinn.

In ionad sin ní mór do Choláiste na Tríonóide cultúr a chruthú i Hallaí ina féidir le mic léinn a gcuid riachtanas sóisialta a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir leo, agus an pobal a choinneáil slán ag an am céanna.