Comment & Analysis
Editorial
Oct 26, 2020

Mhol an Coláiste do Mhic Léinn Lóistín a Fháil. Is Comhréiteach í Aisíocaíocht

D’fhógair an Coláiste an tseachtain seo go gcuirfear aisíocaíocht ar fáil dóibh siúd a theastaíonn ceann uathu ar bhonn pro rata, gan an tréimhse fógraíochta ceithre sheachtain san áireamh.

By The Editorial Board

Fad agus a d’ullmhaigh muintir na tíre iad féin do dhianghlasáil náisiúnta an tseachtain seo, bhí míshuaimhneas le brath san earnáil ardoideachais: an ndúnfar leabharlanna choláistí? An gcuirfear iachall ar mhic léinn – a bhog isteach ina lóistín le seachtainí beaga anuas – chun bogadh amach?

Is cinnte mar sin, go bhfuil fáilte roimh nuacht na seachtaine seo go n-aisíocfaidh an Coláiste na mic léinn a theastaíonn uathu bogadh amach as lóistín an choláiste, seachas fógra ceithre sheachtain, ach go háirithe le linn srianta náisiúnta leibhéal a cúig agus an míchinnteacht a tháinig in éineacht leis.

Is deá-chomhartha ón gColáiste é ofráil aisíocaíochta – i dtaca sin ba chóir go gcuireann an nuacht nach mbeidh an Coláiste ag cur iachall ar mhic léinn bogadh amach as lóistín ar champas compórd ar fhormhór daoine.

ADVERTISEMENT

Téann an fhorbairt seo i gcodarsnacht ghéar leis an luathbheart an doras a thabhairt do mhic léinn as a lóistín le níos lú ná dhá lá fógraíochta Márta seo caite. (Cuireadh an cinneadh i gcompráid le holldhíbirt agus cáineadh go géar é go forleathan, ón mBord Eagarthóireachta seo ina measc.)

Is dea-scéala é go bhfuil an Coláiste chun aisíocaíochtaí a chur ar fáil do mhic léinn, ach ní thuilleann sé móradh: bhí an Tríonóid i measc na n-ollscoileanna deireanacha chun aisíocaíochtaí a ofráil do mhic léinn de bharr na srianta ag athrú. Thairg institiúdí eile, cosúil le hOllscoil na hÉireann Gaillimh, aisíocaíochtaí do mhic léinn ar a lóistín mí ó shin, tar éis gur thugadar rógheallúintí do mhic léinn maidir le cé mhéid ama teagaisc phearsanta a bheadh acu.

Spreag ollscoileanna mic léinn chun bogadh isteach i lóistín ar champas leis an ngealltanas go mbeidh teagasc aghaidh ar aghaidh ann.

Ní raibh mic léinn go hiomlán ar an eolas maidir le cé chomh dian agus bheadh rialacha mar gheall ar chuairteoirí sular bhogadar isteach i lóistín ar champas, agus d’eascair ‘atmaisféar cosúil le príosún’ mar gheall ar an ngéarfheidhmiú rialacha i Hallaí na Tríonóide, mar a thuairiscigh an nuachtán seo.

Mar sin, in ainneoin go mba chóir moladh a thabhairt don choláiste maidir le tairgeadh aisíocaíochtaí do mhic léinn, ach ní gá dul thar fóir leis nuair a bhreathnaíonn tú ar an scéal in a iomláine.