Oct 1, 2020

Ó Scoil Lán-Ghaeilge, Chuig ‘Cén Fáth Gaeilge?’

Smaoíníonn Alannah Ní Mhúirí ar na difríochtaí a thagann leis an athrú mór ó theanga amháin chuig teanga eile gan an tír a fhágail.

Alannah Ní MhúiríContributing Writer

Ag cuimhniú siar ar nuair a bhíos i mbliain a haon, an-neirbhíseach, nua, saghas scanraithe roimh na daoine ag siúl timpeall le héadaí níos deise ná mar a fhaca mé riamh agus lena gcaife ina gcúpáin in-athúsáidte. Lean mé an turas timpeall na hollscoile, ag trasnú an Berkeley, an Ussher agus an ceann eile sin le hainm seafóideach. Shuígh mé síos leis na daoine ó mo ghrúpa S2S ar an bhféar taobh amuigh den Pav – ach fós ghlaoigh mé an Pavilion air.

Níl móran le labhairt faoi leis an scatar daoine seo a bhfuil caite le chéile, seachas na rudaí simplí, an aimsir, mo chúrsa agus cé mhéad pointe a bhfuaireamar sa diabhail Ardteist. Ach tá ceist amháin a fuair me i ngach áit, an cheist chéanna a fhaigheann gach uile duine agus iad ag dul isteach sa choláiste den chéad uair.

“So like, what school did you go to?” B’fhéidir go bhfuil imní ort faoi do scoil lán-Ghaeilge, b’fhéidir go bhfuil tú bródúil aisti. B’fhéidir nár chuaigh tú go dtí scoil lán-Ghaeilge ar chor a bith, agus tá tú tar éis imeacht i bhfad ró-daigheann sa nuachtán inniu agus teacht ar an alt faoi scoilenna lán-Gaeilge? Níl a fhios agam.

ADVERTISEMENT

Mar sin, nuair a cuireadh an cheist dúirt mé: “Ó d’fhreastal mé ar Ghaelcholáiste.” Breathnaíonn an ghrúpa ort, ar feadh tamaill fhada. “Oh my god, is that an all-Irish school?” Deir tú leat féin: “Seo muid arís.”
“Yeah, all-Irish.” (Is scoil lán-Ghaeilge atá ann.) Agus bíonn tost ansin.

De ghnáth leanann daoine le: “Oh my god, will this be really hard for you now learning in English?” Nó b’fhéidir go bhfaighidh tú: “Why would your parents do that to you?”

Nó, uaireanta an ceann seo: “I just don’t think there is much point with Irish schools anymore, if we are all going to go on to learn in English.”

Anios, sula léimeann tú orm ag rá: “Ní deirimid ar fad é seo, is iontach an rud í an Ghaeilge, is bréa liom an Ghaeilge!”, tuigeann gach duine a dtagann as scoil lán-gaeilge nó a labhraíonn í, ní hé seo ach an freagra diúltach is feidir leat a fháil, ach is an fhreagra a fuair mise agus mé ag tosnú amach agus cúpla duine eile a labhair mé le.

Bhí taithí éagsúil ag daoine difriúla ar an gcaoi a raibh sé ag teacht ó scoil lán-Ghaeilge go dtí coláiste go hiomlán i mBéarla ach bhí na ceisteanna mar an gcéanna. Cén chuma atá ar shaol an Bhéarla sa choláiste do na mic léinn a tháinig isteach ó scoil Ghaeilge? An raibh sé deacair? An raibh sé éasca? An ndearna sé aon difríocht ar chor ar bith? An raibh tú tinn agus tuirseach go hiomlán as an nGaeilge agus toilteanach éirí as?

Ceapaim go mbraitheann cuid mhór de cé chomh deacair nó chomh furasta agus a bhí an t-aistriú seo ó theanga amháin go teanga eile, ar an gcúrsa a ndéanann mic léinn staidéir air. Ar ndóigh, “Ní dhéanann sé mórán difríochta má tá tú ag déanamh staidéir ar an nGaeilge sa choláiste”, a dúirt mac léinn amháin a bhog óna scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath chun staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide.

Dom fhéin a rinne cúrsaí mar an mBéarla féin agus teanga éigin go hiomlán difriúil – an Gearmáinís, bhí an t-aistriúchán i bhfad níos éasca mar níor fhoghlaim tú aon rud faoin ábhar sin trí mheán na Gaeilge. Bhí sé beagnach níos éasca domsa ag déanamh staidéir ar an ábhar seo ná mar a bhí i scoil Ghaeilge mar ní raibh ach an Béarla agus an teanga nua i mo chloigeann seachas, trí theanga eagsúla.

Dúirt Robyn Ní Chaoimh, as Coláiste Cois Life atá anois ag staidéar Tíreolaíochta agus Socheolaíochta, liom go raibh an chéad chúpla seachtain rud beag deacair di. Bhí na focail go léir a raibh ar eolas aici trí Ghaeilge, anios, go hiomlán bun os cionn agus mhothaigh sí mar go raibh sí taobh thiar de gach duine eile ina cúrsa. Ar ámharaí an tsaoil, d’éirigh sé níos éasca tar éis tamaill agus bhí sí ar tí só a mhaolú.

Dúirt mac léinn eile, Mark McCarthy, nach ndearna sé mórán difríochta, go raibh na focail go léir sa ghnó díreach mar an gcéanna den chuid is mó, nach raibh ach cúpla focal nua in easnamh.

Seachas an difríocht leis na teangacha, deacrachtaí acadúla agus aistí a scríobh i mBéarla, an chaoi ar foghlaimíodh í trí mheán an Bhéarla bhí rudaí beaga eile ann, mar shampla Béarla a labhairt le do léachtóirí agus gan a bheith i dtrioblóid.

Bhraith mé gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt sa rang agus lena gcuid mac léinn eile agus gur mhothaigh sé aisteach Béarla a labhairt. Dúirt cara liom gur baineadh geit aisti nauir a tháinig a leachtóir chuig a bord agus í á labhairt Béarla, agus thug sí rabhadh do na mic léinn eile go raibh múinteoir ag teacht chun athrú go Gaeilge. Ach ní fhaigheann tú i dtroiblóid níos mó má labhraíonn tú Béarla sa choláiste.

Mar is gnách leis an gColáiste, níl mórán eolais againn faoin mbliain atá le teacht leis an gcoróinvíreas inár measc. Ach is dócha go leanfaidh an t-athrú teanga seo ar líne agus seachas do chuid ama a chaitheamh ar an bhféar os comhair an Pav ag déanamh cur síos ar do shean saol trí Ghaeilge, i do sheomra nó i do chistin trí scálán ríomhaire.

Mar sin de, chuig mo chuid Gaelgoirí atá ag teacht isteach go dtí saol an choláiste an bhliain seo, b’fhéidir go dtarlóidh an rud céanna daoibhse ach go mbeidh sé anios ag tarlú taobh thiar den scálean, ach ná bígí ró-bhurtha faoi. Is léir gur athrú suntasach é do na mic léinn a athraíonn ó shaol Gaeilge go Béarla go tobann agus deirtear gur míbhuntáiste atá ann. Ach ag deireadh an lae, is gnách go bhfaighim an “Oh my god, caithfidh go bhfuil tú chomh chliste”, mar sin, ní dóigh liomsa go bhfuil sé chomh dona sin.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.