Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 30, 2020

An Anois an t-Am a Bheith ag Caint ar Theagasc ar Champas don Chéad Téarma Eile?

D’fhógair ríomhphost a seoladh chuig baill foirne agus mic léinn Dé hAoine, pleananna teagasc ar champas a mhéadú an téarma seo chugainn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

De réir mar a ghlac Éire a céad chéimeanna chun srianta leibhéal a cúig a mhaolú an tseachtain seo, tháinig an t-imní agus an cúram thar aon mhothúcháin cheiliúrtha a d’fhéadfadh a bheith ag daoine. Bhraith sé an-chosúil leis an samhradh seo caite, nuair a scaoileadh srianta ach tháinig an víreas ar ais go tréan.

Sheol an Propast Patrick Prendergast ríomhphost chuig mic léinn Dé hAoine, ar thaoide na srianta maolaithe, ag fógairt pleananna chun an teagasc ar champas a mhéadú trí ranganna níos lú an téarma seo chugainn. Seachas an ráiteas go raibh sé ar intinn aige ranganna do dhaoine a mhéadú, níor éirigh leis an ríomhphost na himní féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag mic léinn a mhaolú.

Tar éis an tsaoil, chaith ollscoileanna an samhradh ar fad ag dearadh pleananna chun teagasc ar champas a dhéanamh do mhic léinn, ach amháin don rialtas idirghabháil a dhéanamh ag an nóiméad deireanach. Mar gheall ar an mbealach ar cuireadh iachall ar institiúidí ardoideachais na tíre an teagasc ar champas a thréigean ag an nóiméad deireanach, ag rá go bhfillfidh siad ar an gcampas i gceann níos mó ná dhá mhí, is cosúil gur obair amú a bhí i gceist.

ADVERTISEMENT

Thug an Bord Eagarthóireachta seo rabhadh roimhe seo i gcoinne pleananna gasta don téarma atá le teacht. Scríobhamar go gcaithfidh ollscoileanna a bheith cinntitheach ar a gcuid pleananna– níl ríomhphost an Choláiste cinntitheach ar aon bhealach.

Is cúis imní í freisin, go bhfuil sé i gceist ag an gColáiste teagasc ar champas a bheith acu fiú má thugtar srianta leibhéal a cúig isteach arís. Thug Coláiste na Tríonóide rogha do mhic léinn a gcuid teagaisc a bhogadh go hiomlán ar líne don bhliain seo, ar an gcoinníoll go bhfuil cúis “bhailí” acu é déanamh. Ach ba cheart go mbeadh mic léinn i dteideal a gcinntí féin a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé sábháilte dóibh freastal ar ranganna pearsanta– má tá cúis “bhailí” acu nó nach bhfuil.

Agus cad faoin bhfoireann teagaisc? Tá imní curtha in iúl cheana ag Cónaidhm Múinteoirí Ollscoile na hÉireann maidir le filleadh ar theagasc pearsanta, ag tabhairt foláirimh go gcaithfidh aon athrú ó na srianta reatha a bheith tughta “de réir a chéile”.

Ghlac Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, plean níos luaithe an mhí seo a ligfidís do mhic léinn an bhliain acadúil a chríochnú ar líne, más mian leo. Is cur chuige i bhfad níos tuisceanaí agus níos tomhaiste é seo i leith cúrsaí atá thar a bheith casta.

Níl aon amhras ach go bhfuil Coláiste na Tríonóide i gcruachás doréitithe faoi láthair, ach níor cheart di pleananna neamhréadúla a leagan síos, nuair nach bhfuil a fhios againn cén chuma a bheidh ar an mbliain seo chugainn.