Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 23, 2020

Bhí an Sceitheadh Discord Coscrach. Ní Féidir Leis Tárlú Arís

An tseachtain seo nochtaíodh gur roinneadh na mílte grianghraifeanna pearsanta de mná agus de chailíní ar fhóraim idirlín gan a dtoiliú.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí an nuacht níos luaithe na seachtaine seo gur roinneadh na mílte íomhánna pearsanta de mhná agus cailíní Éireannacha gan a dtoiliú ar roinnt fhoram idirlín uafásach, coscrach agus scanrúil do mhórchuid dhaoine.

Anuas ar sin, toisc nach bhfuil an roinnt neamhchomhthoilíoch seo mídhleathach, ach amháin i gcás na mionúr, nochtaíodh arís an chaoi a ligtear síos mná na hÉireann agus i neart cásanna, an chaoi a thugtar neamhaird orthu mar gheall ar an easpa cosanta dleathaí atá acu.

Tá neart daoine ag éileamh dlí a chur isteach go tapaidh i gcoinne coireanna bunaithe ar íomhánna. Níl sé foirfe áfach, agus ní chóir go gcuirtear aon reachtaíochta tríd gan aon chomhrá ceart air. Tá fórmhór daoine fós trína chéile ón eachtra agus níl a fhios ag go leor daoine go fóill an bhfuil tionchar aige orthu. Is fiú a aithint, go traidisúnta, ní fheidhmíonn dlíthe i gceart i gcónaí chun mná a chosaint, mar gheall ar an gcaoi go gcuirtear an milleán ar íospartaigh agus na deacrachtaí atá ann cás dleathúil a chur le chéile don “réimse éiginnte” seo.

ADVERTISEMENT

Ghoill an eachtra go mór ar mhic léinn le laethanta beaga anuas, agus tá sé tábhachtach go bhfuil tacaíocht ann, i bpé bealach is fearr dóibh.

Cé nach féidir leis an mBord Eagarthóireachta seo réiteach iomlán a thabhairt ar fhadhb chomh forleathan, is féidir linn é seo a rá go cinnte: d’fhéadfaí é seo a sheachaint. Ní chóir gur chur ceann de na sáruithe príobháideachais, muiníne agus measa is mó atá feicthe ag an tír seo, tús le comhrá ar deireadh, maidir leis an gcineál iompair atá inghlactha ionas go gcaithtear le mná mar dhaoine.

Mhol an Bord Eagarthóireachta seo an Coláiste nuair a thóg siad isteach ceardlanna comhthola agus nuair a d’éiligh siad polasaí cuimsitheach i dtaobh tacaíochataí a thabhairt do mhic léinn nuair atá tuairisc faoi eachtra neamhchomhthoiliúil á dtabhairt acu sa Choláiste. In ainneoin gur céimeanna tábhachtacha iad seo, léirigh eachtra na seachtaine seo go bhfuil an fhadhb ann go smior. Tá athchoiriú náisiúnta de dhíth ar an gcaoi go múinimid agus a labhraímid faoi thoiliú – más faoi chúrsaí gnéis, ag roinnt íomhánna nó cúramaí eile – agus b’fhéidir níos tábhachtaí fós, conas go gcaithimid le marthanóirí.