Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 23, 2020

Bhí Athruithe de Dhíth sa Leabharlann – Ach Ní Raibh gá Leis an gCur Isteach Seo

D’fhógair an leabharlann athruithe maidir leis an gcóras áirithinte an tseachtain seo caite.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an bóthar go hifreann lán le dea-rún. Gan amhras, bhí dea-rún ag an leabharlann an tseachtain seo caite, nuair a d’fhógair sí athruithe ar a córas áirithinte – a chuimsigh córas nua chun seiceál isteach, teorainn 25 uair ar áirithintí in aghaidh na seachtaine agus maoir a thabhairt isteach chun áirithintí a fhíorú.

I ndáiríre, áfach, bhí mearbhall i measc na mac léinn de bharr na n-athruithe seo ar an gcóras áirithinte, agus bhí ar an leabharlann leithscéal a ghabháil agus cuid de na bearta nua a chur ar fionraí go sealadach, ag léiriú go géar cé chomh míloighciúil agus atá cuid de na rialacháin nua.

Cén fáth, mar shampla, ar thug an leabharlann córas seiceála isteach más féidir seiceáil isteach ó áit ar bith?

ADVERTISEMENT

Chun cúrsaí a dhéanamh níos frustraí fós, ní bheidh a fhios againn an mbeidh sé níos éasca suíochán leabharlainne a chur in áirithe go dtí an tseachtain ina dhiaidh sin de bharr na n-athruithe seo, mar bhí an tseachtain seo fós ag deileáil le mic léinn a raibh in ann coicís a chur in áirithe roimh réidh, sular tháinig na rialacha nua isteach.

Ar ndóigh, ní raibh an córas áirithinte roimhe seo foirfe ach an oiread: is iomaí fadhb a bhí ann, le mic léinn ag cur suíocháin in áirithe agus ansin gan iad a úsáid, nó mic léinn ag líonadh suíocháin nach raibh curtha in áirithe acu, ag léiriú go raibh gá le hathruithe.

Ar an drochuair, fágadh linn le fadhbanna cosúil leo seo mar gheall ar na hathruithe. Dá mhéad agus a athraíonn rudaí, is cosúil ar an drochuair, go bhfanann rudaí mar an gcéanna. Tá ceisteanna eile nach mór don Leabharlann freagairt fós, mar shampla go n-éilítear ar mhic léinn ar mian leo staidéar a dhéanamh i Halla Kinsella gach sliotán aonair a chur in áirithe tríd Eventbrite.

Ach ní hé seo an chéad uair a raibh botún ag an leabharlann maidir lena bainistíocht. In 2019, bhí fearg ar mic léinn leis an leabharlann tar éis di a cuid uaireanta oscailte a ghearradh thar dheireadh seachtaine na Cásca, laethanta roimh shéasúr na scrúduithe a thosaigh an Máirt sin.
Bhí teachtaireachtaí chomhsheasmhacha agus chomhtháite ann maidir le freagracht phearsanta agus sláinte an phobail a chosaint le linn na paindéime seo. Theip ar roinnt mac léinn freagracht phearsanta a ghlacadh maidir leis an leabharlann a roinnt lena gcomhghleacaithe.

Agus cé go laghdaítear an toilleadh suíochán, ní raibh aon duine ag súil go mbeadh gach rud ina ceart ag an leabharlann. Ach bhí air fhormhór na mac léinn deileáil le heaspa theagasc phearsanta don téarma seo. Is é an rud is lú a d’fhéadfadh an Coláiste a dhéanamh, ansin, a chinntiú go bhfuil an taithí leabharlainne chomh inrochtana agus is féidir.